Ar a fheiceáil daoibh, beidh lúcháir ar bhur gcroí, agus beidh bhur gcnámha chomh húr le geamhar féir. Léireoidh an Tiarna a neart dá sheirbhísigh agus cuirfidh a naimhde aithne ar a fhearg.
mar bheartaigh seisean imeacht ón mBablóin ar an gcéad lá den chéad mhí, agus shroich sé Iarúsailéim ar an gcéad lá den chúigiú mí; bhí lámh chneasta a Dhé leis go dearfa.
Ansin, a bhuí le gnaoi ár nDé a bhí orainn, chuir siad chugainn fear éirimiúil, de chlann Mhailí mhic Léiví mhic Iosrael, Séiribiá lena chlann mhac agus lena ghaolta, ochtar déag ar fad;
Óir ba leasc liom cuideachta saighdiúirí agus marcshlua a lorg ar an rí le sinn a chosaint ón namhaid ar an tslí mar bhí sé ráite cheana féin againn leis an rí: “Tá láimh ar nDé leata mar sciath chosanta ar cách a lorgann é, agus a neart agus a fhearg ar chách a thugann cúl leis.”
Ar an dara lá déag den chéad mhí d'fhágamar abhainn Ahavá ar ár mbealach go Iarúsailéim; bhí gnaoi ár nDé orainn agus chosain sé ar an tslí sinn ó naimhde agus ó róbálaithe.
Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.
Breathnaigí! Tá ainm an Tiarna ag teacht ó chríoch i gcéin, is loiscneach a fhearg, is trom an t‑ualach atá air, tá a bheola ag cur thar maoil le cuthach, agus a theanga ina tine chraosach.
Dearc ar Shíón, cathair ár gcuid féilte, luíodh do shúile ar Iarúsailéim, í ina háitreabh daingean, ina both nach dual di aistriú, nach stoithfear a cuaillí, nach mbrisfear a cordaí choíche.
Óir tá fearg ar an Tiarna leis na ciníocha ar fad, tá sé i bhfíoch leis an slua acu go léir; tá siad curtha faoi gheasa a millte aige, tá siad tugtha suas aige don ár.
Chun go bhfeice daoine agus go n‑aithní siad, chun go meabhraí siad agus go dtuige siad le chéile gurb í lámh an Tiarna a rinne an méid sin, gurb é Neach Naofa Iosrael a chuir i gcrích.
Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann, tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch; cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú, agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.
Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine. Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.
Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriathar Bhur muintir féin gur fuath leo sibh, agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m'ainm, deir siad: “Taispeánadh an Tiarna a ghlóir, go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.” Ach is orthu féin a bheidh an náire.
Beidh muintir Eafráim ina ngaiscígh, agus cuirfear áthas ar a gcroí faoi mar a bheidís ag ól fíona. Feicfidh a gclann mhac é seo agus beidh lúcháir orthu mar gheall air agus déanfáidh a gcroíthe gairdeas sa Tiarna.
Ansin aithneoidh sibh aon uair amháin eile an difríocht atá idir an dea-dhuine agus an drochdhuine, idir an té a dhéanann seirbhís do Dhia agus an té nach ndéanann.
Agus sibhse mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh.