Mar a bheadh máthair ag cur páiste chun suaimhnis, mise chomh maith, tabharfaidh mé suaimhneas daoibhse. (In Iarúsailéim a gheobhaidh sibh suaimhneas.)
“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”
Canaigí le lúcháir, a spéartha, agus déan gairdeas, a thalaimh! a shléibhte, gairigí amach bhur racht áthais! Óir tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir agus ag glacadh trua dá chlann dearóil.
Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?
Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón, tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá. As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin, agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna. Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann, altú buíochais agus siansa ceoil.
Bíodh lúcháir ort, a Iarúsailéim, bíodh áthas oraibh, a lucht na páirte, mar gheall uirthi! Gáirigí le gairdeas mar gheall uirthi, sibh uile a raibh éide bhróin oraibh ina diaidh!
Is é a thugann sólás dúinne cibé anacair a bheireann orainn, i dtreo go mbímid i riocht sólás a thabhairt do dhaoine eile a bhíonn in aon anacair leis an sólás lena bhfaighimid féin sólás ó Dhia.