Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.
Diúlfaidh tú bainne na gciníocha, diúlfaidh tú saibhreas na ríthe. Agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna is slánaitheoir duit, gurb é Neach Tréan Iacóib d'fhuascailteoir.
ainneoin go bhfuil an dorchadas ag leathadh thar an talamh agus dúchan na hoíche ar na ciníocha. Os do chionnsa tá an Tiarna ag éirí agus tá a ghlóir le feiceáil anuas ort.
Ar a fheiceáil duit, beidh loinnir i do ghnúis, beidh do chroí ag borradh ionat le tocht: óir casfar flúirse na farraige i do threo, tiocfaidh saibhreas na náisiún ag triall ort.