Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 66:1

An Bíobla Naofa 1981

Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Daingnigh más ea anois, a Dhia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta, Dáiví, m'athair.

Ansin sheas Dáiví rí ar a chosa deiridh agus dúirt: “A ghaolta agus a mhuintir liom, tugaigí cluas dom. Bhí sé bhuailte isteach i mo chroí teach socair a thógáil d'áirc chonradh an Tiarna, agus mar stól do chosa ár nDé. Rinne mé ullmhúchán don tógáil,

Ach cé ar féidir leis teach a thógáil dó ón uair nach féidir leis na flaithis, ná flaithis na bhflaitheas, é a chuimsiú? Agus maidir liomsa, cad chuige a dtógfainnse teach dó ach mar áit ina ndófainn túis os a chomhair?

Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre i measc an chine dhaonna ar talamh? Mhuise ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa?

Tá an Tiarna ina theampall naofa, ar neamh atá a chathaoir ríoga. Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine.

“Téimis isteach ina áras; agus adhraimis ag stóilín a chos.”

Móraigí an Tiarna, ár nDia, agus umhlaígí ar a Shliabh Naofa; óir is naofa é an Tiarna, ár nDia.

Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.

Maise na Liobáine tiocfaidh ag triall ort, giúis agus ailm agus cufróg ar fad le chéile, chun slacht a chur ar láthair mo shanctóra, agus scéimh san áit ar lonnaigh mo chosa.

An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.

Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.

Ach deirim libh, tá ní anseo is mó ná an Teampall.

Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “An bhfeiceann sibh iad sin uile? Deirim libh go fírinneach, ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche anseo nach leagfar ar lár.”

An Dia a rinne an domhan agus a bhfuil ann, is é Tiarna neimhe agus talún é agus ní i dteampaill lámhdhéanta atá cónaí air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí