Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 65:7

An Bíobla Naofa 1981

a n‑urchóidí féin agus urchóidí a n‑aithreacha, an t‑iomlán le chéile, a deir an Tiarna, an dream a bhíodh ag dó túise ar na sléibhte agus ag tabhairt mo dhúshlán ar na cnoic. Díolfaidh mé an comhar leo go huile agus go hiomlán.

Féach an chaibidil Cóip

39 Tagairtí Cros  

Lean sé sampla a athar Ásá gach cor den bhóthar ag déanamh an chirt i bhfianaise an Tiarna.

Ach níor scriosadh fós na hardionaid, agus d'ofráladh an pobal íobairtí agus túis fós ar na hardionaid.

Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna gach lá dá shaol mar go raibh Iahóideá an sagart á theagasc.

Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí sna hardionaid.

Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí agus túise ar na hardionaid. Eisean a thóg Geata Uachtarach Theampall an Tiarna.

D'ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid, ar na cnoic agus faoi gach crann craobhach.

Thóg sé ardionaid in ardáin Iúdá, agus thug ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis agus chuir sé Iúdá ar seachrán.

Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,

Nuair a bheidh a shaothar críochnaithe ag an Tiarna ar Shliabh Shíón agus in Iarúsailéim, smachtóidh sé toradh an díomais i gcroí rí na hAsaíre agus sotal a shúile dána.

Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide, agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin; cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.

Fuair mo chluasa an foilsiú seo ó Thiarna na Slua: “Ní dhéanfar sásamh sa pheaca seo go deo, go dtí go bhfaighe sibh bás,” a deir an Tiarna Dia na Slua.

Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.

Is ea, éireoidh an Tiarna mar a d'éirigh sé ar shliabh Parazaím; tiocfaidh riastradh air mar a tháinig i ngleann Ghibeón chun a ghníomh a chur i gcrích - agus is ait an gníomh é! - chun a shaothar a shaothrú - agus is aduain an saothar sin!

mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo, éacht i ndiaidh éachta agus eachtra. Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal, tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”

Is mairg don ainbheartach, tá an t‑olc anuas air, caithfear leis de réir saothar a lámh.”

léireofar daoibh an cion seo a bheith mar a bheadh balla ard agus gág anuas ann, bolg amach air agus é i ríocht titim, a dtagann maidhm air go tobann, i seal faiteadh súl,

a bhriseann ar nós soitheach potaire á smísteáil síos gan trua gan taise, - ionas nach bhfuil le fáil sa chonamar oiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallach nó a thaoscfadh uisce as an sistéal.”

Ach anois tá mé chun an fhíréantacht seo agat a léiriú go hoscailte, agus do ghnóthaí gan rath.

Ar shliabh mór ard atá do leaba cóirithe agat. Is ann freisin a chuaigh tú suas a dhéanamh do chuid íobairtí.

Cúiteoidh sé cách mar is dleacht, fearg dá naimhde agus díoltas dá eascairde.

Seo, tá sé scríofa os mo chomhair; ní fhanfaidh mé i mo thost nó go gcúití mé leo

Ar an gcuma chéanna, roghnóidh mé féin amhgar dóibhsean, agus tarraingeoidh mé orthu na rudaí is mó is eagal leo. Óir ghlaoigh mé agus níor fhreagair aon duine, labhair mé agus ní raibh aon duine ag éisteacht. Rinne siad an rud a b'olc i mo shúile, agus an rud a thaitneodh liom, níorbh áil leo.

Seo é cuid do thomhais, do thuarastal uaimse in íoc do shéanta - an Tiarna a labhraíonn - mar gur lig tú mise i ndearmad agus gur thaobhaigh tú le bréag.

d'adhaltranais, do ghártha macnasa, gráin do striapachais! Ar na cnoic faoin tuaith chonaic mé do nithe gránna. Mairg duit, a Iarúsailéim, atá go fóill neamhghlan! Cá fada duit fós ag leanúint ort mar seo?”

Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”

An é nach gcaithfidh mé nithe dá shórt a chúiteamh leo - an Tiarna a labhraíonn - ná mo dhíoltas a agairt ar a leithéid seo de náisiún?”

An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin - an Tiarna a labhraíonn - nach n‑agróidh mise mo dhíoltas ar a leithéid seo de náisiún?

ní itheann sé ar na sléibhte, ní thógann sé a shúile chun íola mhuintir Iosrael, ní thruaillíonn sé bean a chomharsan, ní théann i ndáil mhná le linn a fola míosúla.

Ach dá mhéad dá nglaoití orthu, is amhlaidh is faide a d'éalaídís [uaim]; d'ofrálaidís íobairtí do na Bálaím, agus dhóidís túis i láthair íol.

Cuirfidh mé críoch lena lúcháir go hiomlán, lena féilte agus lena réanna nua, lena sabóidí agus lena tionóil shollúnta go léir

A mbeidh fágtha díbh, seargfaidh siad i gcríocha a naimhde de bharr a bpeacaí; de bharr peacaí a n‑aithreacha chomh maith, seargfaidh siad ar aon dul leo.

Seo sibhse anois ag éirí in áit bhur n‑aithreacha, a chraobh de cheap na bpeacaí ag cur le fraoch feirge lasánta an Tiarna in aghaidh Iosrael!

Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n‑ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.”

mar go bhfuil siad ag cur bac orainne labhairt leis na gintlithe d'fhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur barr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí