Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 65:4

An Bíobla Naofa 1981

ag gnáthú uaigheanna agus ag faire go maidin i gcúinní dorcha, ag ithe feoil mhuice agus súlach salachair ina gcoirí acu.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Tabhair togha céadtorthaí do ithreach go teach an Tiarna, do Dhia. Ná déan meannán a bhruith i mbainne a mháthar.

Tabhair tús do nús ó d'fhearann go teach an Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i bhfuil a mháthar.”

An dream a choisreacann agus a ghlanann iad féin i ngairdíní, duine i ndiaidh an duine i bhfáinne draíochta, a itheann feoil mhuice agus luchóg agus péisteanna gránna, béarfaidh drochchríoch ar an iomlán acu, briathar an Tiarna.

An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.

Ansin dúirt mise: “Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m'anam; ó m'óige aníos níor ith mé aon rud a d'éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.”

agus an mhuc, fág go bhfuil crúb scoilte roinnte ina dhá leath aici, bíodh sí neamhghlan agaibh mar nach gcognaíonn sí an chíor.

Sracfaidh mé óna bhéal an fheoil a bhfuil an fhuil inti fós, agus sciobfaidh mé a ofrálacha gráinniúla ó idir a fhiacla. Lena chois sin déanfar iarmhar dár nDia de, agus beidh sé ina chlann in Iúdá; agus beidh Eacrón cosúil le Iabúsach.

“An té a bhaineann le corpán mairbh ar bith, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.

Nuair a bhí an taobh eile bainte amach aige, i dtír na nGadairéanach, tháinig faoina dhéin beirt a raibh deamhain iontu ag teacht amach as na tuamaí, agus iad chomh fiata sin nárbh fhéidir do dhuine ar bith an bóthar sin a ghabháil.

Nuair a bhí sé ag teacht i dtír, tháinig faoina dhéin duine ón gcathair a raibh deamhain ann, agus bhí sé seal mór aimsire gan aon éadach á chur air ná cónaí in aon teach ach sna tuamaí.

“Ná hithigí aon ainmhí a fuair bás uaidh féin. Tabhair é mar bhia don deoraí atá ag cur faoi i do bhailte, nó díol é le coimhthíoch: óir is pobal naofa thú don Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i mbainne a mháthar.

“Ná hith aon ní gráiniúil.

Mar an gcéanna leis an muc - fág go scoilteann sí an chrúb, ní chognaíonn sí an chíor; bíodh sí neamhghlan agaibh. Ná hithigí feoil a leithéidí sin agus ná bainigí lena gconablach.

ná orthaíoch, ná fear spioraid nó púcaí nó mairbh a agallamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí