Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 65:3

An Bíobla Naofa 1981

ag tabhairt mo dhúshlán gan sos suas le mo bhéal, ag déanamh íobairtí i ngairdíní, ag dó túise ar altóirí bríce,

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

mar thréig siad mise agus dhóigh siad túis do dhéithe eile do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m'fhearg ar lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhúchadh.

Sín amach do lámh, más ea, agus leag í ar a bhfuil aige, agus is deimhin go ndéanfaidh sé thú a mhaslú le do bhéal.”

Ach sín do lámh anois agus bain lena chnámh agus lena fheoil, agus caithfidh sé mallacht san aghaidh ort, caithfidh sin.”

Nach minic a bhí siad easumhal dó san fhásach, go ndearna siad a chrá san uaigneas.

Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe; chuir siad éad air lena ndealbha snoite.

Sea, beidh náire oraibh de bharr na gcrann teiribinte a bhfuil bhur sólás iontu, agus beidh ceann faoi oraibh de bharr na ngairdíní a chuireann cluain oraibh.

Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht, tá Iúdá ag titim i bhfothracha, óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna, is masla iad ar a ghlóir.

An dream a choisreacann agus a ghlanann iad féin i ngairdíní, duine i ndiaidh an duine i bhfáinne draíochta, a itheann feoil mhuice agus luchóg agus péisteanna gránna, béarfaidh drochchríoch ar an iomlán acu, briathar an Tiarna.

An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.

Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: “An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d'imir ansin an striapach?

Nuair a thug mé isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabhairt dóibh, d'ofrálaidís a n‑íobairtí agus a mbronntanais bhearránacha, aon áit a bhfeicidís cnoc ard nó crann duilleach. Ansin mar an gcéanna a scaoilidís a mboladh cumhra agus a dhoirtidís a ndeochanna ofrála.

Ar an gcuma sin, na hainmhithe is mian le clann Iosrael a mharú faoin tuath, tabharfar go dtí an sagart iad, don Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála; déanfaidh siad iad a mharú ina n‑íobairtí comaoineach don Tiarna.

Spreagadar chun formaid mé le ní nach Dia; ghriogadar mé lena n‑íola. Cuirfidh mise iadsan in éad le dream nach pobal, Cuirfidh mé fearg orthu trí chine gan stuaim.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí