Cén fáth é a thabhairt le rá do na hÉigiptigh: ‘I bhfeall a rug sé amach iad, d'fhonn iad a mharú sna sléibhte agus iad a scrios de chlar na cruinne’? Scaoil uait d'fhearg chuthaigh, agus scoir den drochíde seo a thabhairt ar do phobal.
Bunoscionn atá cúrsaí agaibh! An ionann an criadóir agus a chuid cré? An féidir don déantús a rá faoi fhear a dhéanta: “Ní dá dhéanamh siúd mise”? nó don bpota a rá faoin bpotaire: “Níl ceird ar bith aige”?
A Iacóib, cuimhnigh ar an méid seo, cuimhnigh gur tusa mo ghiolla, a Iosrael. Is mé a dhealbhaigh thú i do ghiolla dom; a Iosrael, ní ligfidh mé chun dearmaid thú.
Is amhlaidh a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, an té a dhealbhaigh thú ón mbroinn i leith: Is mise, an Tiarna, a rinne an uile rud, a spréigh na spéartha amach ar mo chonlán féin. Chuir mé bun faoin talamh, agus cé bhí ag cuidiú liom?
Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, an Neach Naofa, an té a mhúnlaíonn Iosrael: “An daoibhse is dleacht mé a cheistiú i dtaobh mo chlainne, nó orduithe a thabhairt dom faoi shaothar mo lámh?
An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?” An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?
Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí, agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh; mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin agus gach dúil bheo dá ndearna mé.
Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.
óir is tusa ár n‑athair, cé nach n‑aithníonn Abrahám sinn agus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó. Tusa, a Thiarna, is athair dúinn; ár bhfuascailteoir, is é sin d'ainm riamh anall.
Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.
Is le gol a d'imigh siad, tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais; déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce, slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle. Óir táim i m'athair ag Iosrael, agus is é Eafráim mo chéadghin mic.
Nach é an t‑aon athair amháin atá againn go léir? Nach é an t‑aon Dia amháin a chruthaigh sinn? Cén fáth, mar sin, a ndéanaimid feall ar a chéile trí chonradh ár sinsear a shárú?
An mar sin a dhíolann sibh an comhar leis an Tiarna? Nach baoth éaganta an pobal sibh! Nach é d'athair é a chruthaigh thú, a dhealbhaigh thú agus a bhunaigh thú?