Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 64:4

An Bíobla Naofa 1981

Cluas níor chuala ná súil ní fhaca dia ar bith ach tusa ag seasamh leis an té a chuir a mhuinín ann.

Féach an chaibidil Cóip

36 Tagairtí Cros  

Táim ag súil le do shlánú, a Thiarna Dia.

Ó laethanta ar sinsear i leith is mór í ár gciontacht; agus i ngeall ar ár n‑urchóidí tugadh sinn féin, ár ríthe agus ár sagairt, isteach i lámha ríthe tíortha eile, agus tugadh suas don chlaíomh sinn, don bhraighdeanas, don chreach agus don náire. Agus is amhlaidh atá an scéal inniu.

agus a fhíréantacht do chlann a gclainne nuair a chomhlíonann siad a chonradh go dílis, agus go ndéanann siad de réir a thola.

Tá muinín ag m'anam as an Tiarna; ar a bhriathar atá mo sheasamh.

go mbalbhaítear a mbéal bréagach, a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalach le teann uabhair is tarcaisne.

Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm [le] Dáiví.

Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh; is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis. Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;

Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.

Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.

Óir is líonmhar ár bpeacaí i do láthair, agus tá ár gcionta ag tabhairt fianaise inár n‑aghaidh. Mar is feasach sinn ar bpeacaí, agus is eol dúinn go maith ár gcoireanna:

Cé a chuala trácht ar a leithéid, cé a chonaic a leithéid riamh? An saolaítear tír in aon lá amháin, an dtugtar náisiún chun breithe d'aon uain amháin? Ach níor luaithe Síón ina luí seoil ná thug sí clann mhac ar an saol!

Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn; tá a rialtóirí á n‑ídiú acu agus a ríthe uile ar lár; agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa.

Cuirfidh mé mar shíol iad i measc na náisiún; ach cuimhneoidh siad orm i dtíortha atá i bhfad i gcéin. Tógfaidh siad a gclann iontu agus fillfidh siadsan ar ais.

Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.

Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air.

agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith.

Mar tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé.

nach bhfuil tabhartas ar bith in easnamh oraibh fad atá sibh ag feitheamh lenár dTiarna Íosa Críost a nochtadh chugaibh.

agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis - an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht.

Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.

Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.

Bíodh foighne agaibh dá bhrí sin a bhráithre go dtí teacht an Tiarna. Féach an feirmeoir agus é ag feitheamh le fómhar luachmhar na hithreach, agus foighne aige leis nó go bhfaighe sé an fhearthainn luath agus dhéanach.

Seo é an grá - ní gur thugamarna grá do Dhia ach gur thug seisean grá dúinne agus gur sheol uaidh a Mhac go mbeadh ina íobairt sásaimh ar ár bpeacaí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí