Ár dTeampall a ba bheannaithe agus a b'álainn, mar a mbíodh ár n‑aithreacha do do mholadh, tá sé dóite go talamh le tine, agus gach a raibh ár ndúil ann, tá sé ina léirscrios.
Nuair a chonaic clann Iosrael go léir an tine ag teacht anuas agus glóir an Tiarna ina luí ar an Teampall, chrom siad síos chun an urláir ar a mbéala agus ar a bhfiacla ar an bpábháil; thug siad adhradh agus moladh don Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shíor.”
Sheas na sagairt ina n‑ionaid féin, agus mhol na Léivítigh an Tiarna ar na huirlisí a rinne Dáiví le comhsheinm le cainticí an Tiarna: “Óir maireann a bhuanghrá de shíor.” Ghabh siad na hiomainn mholta a chum Dáiví. Taobh leo bhí na sagairt ag séideadh an stoic, agus Iosrael go léir ina seasamh.
Is cuimhin le Iarúsailéim anois a laethanta angair agus fáin, nuair a thit a muintir lena naimhde agus gan cabhróir dá laghad acu. Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti; ábhar scige dóibh ab ea a turnamh.
Ochón! Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur ar iníon Shíón le corp cuthaigh; theilg sé ó neamh go talamh áilleacht Iosrael; níor chuimhin leis stóilín a chos ar lá a chuid díbheirge.
Rinne an Tiarna a bheag dá altóir; ghlac sé fuath dá shanctóir; chuir sé ballaí a caisleán i seilbh a naimhde nimhneacha; tógadh gártha i dteach an Tiarna mar a thógfaí ar fhéile reachtúil.
‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.
“Agus, a mhic an duine, an lá a mbainfidh mé a mic agus a n‑iníonacha díobh, gurb iad a neart, a ngairdeas agus a nglóir iad, mian a súl agus dúil a n‑anama;
Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’
Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “An bhfeiceann sibh iad sin uile? Deirim libh go fírinneach, ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche anseo nach leagfar ar lár.”
agus liúfaidh siad: ‘Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.’