Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 63:5

An Bíobla Naofa 1981

Bhreathnaigh mé timpeall; ní raibh duine le cuidiú liom; agus b'iontach liom nach raibh taca le fáil. Mo lámh féin mar sin a chuidigh liom, agus m'fhearg, is í a rinne taca dom.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

D'ísligh sé a gcroí le buairt; thuisligh siad; ní raibh aon neach lena dtarrtháil.

Ba leatsa mé ó lá mo bhreithe: ó bhroinn mo mháthar is tú mo Dhia.

Mar chuir tú féin na ciníocha i mbéal a gcinn gur phlandaigh tú ár sinsir ina n‑ionad.

Is eol duit m'aithis is mo náire, tá m'eascairde go léir i do láthair.

Cé sheasfaidh liom in aghaidh na n‑ainbheartach do mo chosaint ar lucht déanta an oilc?

Salm. 1 Canaigí amhrán úr don Tiarna, óir rinne sé éachtaí. Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa, rug sé bua dó féin.

Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart, agus a lámh ag smachtú roimhe! Tá a luach saothair leis ina sheilbh, agus a éadáil ag dul roimhe amach.

Bhí mé ag breathnú uaim agus ní raibh aon duine ann, ní raibh ceann comhairle ar bith ina measc go bhféadfainn ceist a chur air agus a thabharfadh freagra dom.

Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.

Tabharfaidh mé mo cheart i láthair go tobann, tiocfaidh mo shlánú ar nós an tsolais. Tá mo lámh ar tí breith a thabhairt ar na ciníocha. Tá súil ag insí na farraige liom agus iad muiníneach as neart mo láimhe.

Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?

Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.

- Phasáil mé an chantaoir i m'aonar; duine de mo mhuintir ní raibh in éindí liom. Mar sin shatail mé orthu agus mo racht feirge orm, agus shiúil mé orthu i gcuthach dom; steall súlach a gcroí ar mo chulaith agus smálaigh mo chuid éadaigh ar fad.

D'iarr mé fear orthu a thógfadh balla agus a sheasfadh sa bhearna ar son na tíre sa chruth nach millfinn é; ní bhfuair mé é.

(Déanfaidh mé trócaire áfach ar theaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé iad, óir is mise an Tiarna a nDia; ach ní le bogha ná le claíomh ná le bua catha a shábhálfaidh mé iad, ná le capaill ná le marcaigh ach an oiread).”

Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m'aonar. Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.

ach dóibh siúd a bhfuil glaoite orthu, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, is é Críost cumhacht Dé agus eagna Dé é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí