Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 61:11

An Bíobla Naofa 1981

Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair, ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur, is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamhar fíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Dúirt Dia: “Tugadh an talamh an fásra uaidh: An lusra lena shíol, an crann toraidh lena shíol ina thoradh, gach ceann de réir a chineáil ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh.

Go raibh flúirse arbhair sa tír go mullach na sléibhte. Go raibh seordán a thoradh amhail an Liobáin agus lucht na gcathracha faoi bhláth mar fhéar ar an talamh.

Go n‑iompraí na sléibhte síocháin don phobal agus na cnoic fíréantacht.

Casadh ar a chéile an buanghrá is an dílseacht; phóg an fhíréantacht agus an tsíocháin a chéile.

Éirigh a ghaoth aduaidh, gluais, a ghaoth aneas, séidigí trí mo ghairdín go leatha a chumhrachtaí. Tagadh mo ghrá isteach ina ghort, blaiseadh sé togha gach toraidh ann.

Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna faoi loinnir agus faoi mhaise, agus toradh na talún mar ghlóir agus mar scéimh ag iarmhar Iosrael.

Mionnaim dar mé féin; is í an fhírinne a thagann as mo bhéal, geallúint nach bhfuil dul siar uirthi: ‘Os mo chomhairse cromfar gach glúin, dar mise is ea a thabharfaidh gach teanga a mionn.’

Tríd an Tiarna amháin, a déarfaidh daoine, a thagann bua agus neart! Chuigesean a thiocfaidh siad agus náire orthu, iad siúd uile a thug a dhúshlán.

A spéartha, fearaigí anuas fíréantacht mar bheadh drúcht ann, ligeadh na néalta anuas í ina báisteach! Osclaíodh an talamh lena gabháil agus tagadh an slánú aníos ina gheamhar! Fásadh suas ina theannta sin an fhuascailt atá mise, an Tiarna, lena chruthú!

Tá mo bhua á thabhairt i ngar agam, ní fada uaibh é, ní bheidh moill ar mo shlánú. Deonóidh mé an slánú i Síón, ar mhaithe le hIosrael mo ghlóir!

Och, dá mba gur thug tú aire do m'aitheanta! Ar nós abhann is ea a bheadh do shonas agus an rath ba dhual duit ar nós tonnta na farraige!

Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine. Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.

Ní bheidh trácht ar fhoréigean i do dhúiche níos mó, ar scrios ná ar shlad i do chríocha. Goirfidh tú Saoirse do do mhúrthaí.

Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.

Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost, agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair, nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachan agus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú.

Is ann a fheicfidh na ciníocha d'fhíréantacht agus na ríthe uile do ghlóir; agus tabharfar ainm nua ort, ainm a fhógróidh béal an Tiarna féin.

níl sos i ndán daoibh - agus ná tugaigí sos dósan nó go gcuire sé Iarúsailéim ar bun ina duan molta dó go deo ar talamh.

Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”

Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.

Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile.

Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí