Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 60:6

An Bíobla Naofa 1981

Beidh tú ar do chlúdach le camaill ina sluaite, scoth chamaill Mhidián agus Éafá, iad siúd go léir ag triall as Seabá, ór agus túis ar iompar acu, agus iad ag fógairt moltaí an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Clann mhac Chúis: Sabá agus Havalá agus Sabtá agus Rámá agus Sabtacá. Clann mhac Rámá: Seabá agus Deadán.

Seo iad ainmneacha mhac Ísmeáél de réir oird a nginte: Nabáiót céadghin Ísmeáél, agus Caedár, agus Adbael agus Miobsám

Thug sí cóisir ollmhór léi go Iarúsailéim, camaill faoi ualach spíosraí agus na múrtha óir agus liaga lómhara. Ar theacht chun Solaimh di, labhair sí leis go neamhbhalbh

D'imigh Hazáéil faoi choinne Eilíseá agus togha mhaoin na Damaisce aige leis mar bhronntanas - ualach daichead camall. Tháinig sé agus sheas sé os a chomhair agus dúirt: “Chuir do mhac Bein Hadad rí Arám mise chugat á fhiafraí díot: ‘An dtéarnóidh mé ón tinneas seo?’ ”

Clann mhac Mhidián: Éafá, Éifir, Hanoch, Aibídeá, Ealdá. Clann Chatúra iadsan go léir.

Nuair a leath clú Sholaimh amach fad le banríon Sheabá tháinig sí ag triall air go Iarúsailéim chun é a phromhadh le ceisteanna crua. Thug sí ollsaibhreas léi, camaill faoi ualach spíosraí, na múrtha óir agus líoga lómhara. Ar theacht go Solamh di, labhair sí leis go neamhbhalbh,

Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú.

Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí, ag triall air le tabhartais. Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seaba bronntanais chuige.

Go maire sé i bhfad is go mbronntar air ór na hAráibe. Beifear ag guí ar a shon i gcónaí; á bheannachadh ar feadh an lae.

Fáistine dar teideal: Ainmhithe na Tíre Theas. Trí dhúiche an anró agus na hanbhuaine is fearann don leon baineann, do leon na búiríola, don nathair nimhe agus don dragan eiteogach, a saibhreas ar dhroim asal acu, a dtaiscí ar chruit chamall acu, agus iad á n‑iompar chuig pobal nach fearrde iad é.

Canaigí don Tiarna amhrán úr! Moladh leis ó cheann ceann na talún! Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann, insí na farraige agus a muintir go léir!

Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna: [Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis, muintir Shaba na bhfear mór ard, tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat; siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu. Sléachtfaidh siad i do láthair, agus guífidh siad thú, á rá: “Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann; níl dia eile ann ach é.”

Soithí is ea iad ag bailiú as críocha na farraige, agus longa Thairsís ar a gceann, ag iompar do chlann mhac ó i bhfad i gcéin agus a gcuid óir agus airgid in éindí leo, ar son ainm an Tiarna do Dhia agus Neach Naofa Iosrael, os é a chuir maise ort.

Ach goirfear daoibhse sagairt an Tiarna agus tabharfar oraibh lucht freastail ár nDé. Beidh saibhreas na gciníocha agaibh le caitheamh agus a maoin ar fad faoi réir agaibh.

Nach cuma liomsa túis anall ó Sheabá, nó giolcóg chumhra ón imigéin? Ní taitneamhach bhur n‑ofrálacha loiscthe, ní milis liom bhur n‑íobairtí.

Thrádáil ceannaithe Sheabá agus Rámá leat, ag malartú leat ar d'earraí togha na n‑uile spíosraí, clocha luachmhara agus ór.

Ón taobh thall d'aibhneacha na Cúise tabharfaidh mo chuid adhraitheoirí, iad siúd a scaip mé, ofrálacha chugam.

Gach bliain tiocfaidh iarmhar na náisiún a rinne ionsaí ar Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh agus chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh.

Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.

Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.

agus san am céanna chun go dtabharfadh na gintlithe glóir do Dhia ar son a thrócaire, mar atá scríofa: “Molfaidh mé thú dá bhrí sin i measc na náisiún, agus canfaidh mé do d'ainm le duan.”

[A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis! Tugadh clann Dé urraim dó!] A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal; tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht! Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt, agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde. Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha, agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.

Fiú amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an íobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhur gcreideamh, tá áthas orm faoi agus déanaim comhghairdeas libh uile.

agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n‑áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.

Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.

Mar thagaidís chomh tiubh le lócaistí lena n‑eallach agus lena mbothanna; níorbh fhéidir a líon féin ná líon a gcamall a áireamh, i dtreo go gcreachaidís an dúiche ina ngabhaidís.

Bhí Midián agus Amáiléic agus muintir an Oirthir go léir leata ar fud an choma mar lócaistí le líonmhaire; bhí líon gan áireamh de chamaill acu, mar ghaineamh na trá le líonmhaire.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí