Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 60:11

An Bíobla Naofa 1981

Beidh do gheataí ar leathadh de shíor, de lá ná d'oíche ní bheidh siad dúnta, chun go dtugtar chugat saibhreas na gciníocha agus a ríthe ar téad dá gcinnireacht.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Díreach roimh an tsabóid nuair a bhí scáilí an dorchadais ag titim ar gheataí Iarúsailéim, thug mé ordú na comhlaí a dhúnadh, agus dúirt mé: “Na hosclaígí arís iad nó go mbeidh an tsabóid thart.” Chuir mé cuid de mo sheirbhísigh ag faire ag na geataí i dtreo nach n‑iomprófaí aon ualach isteach ar an tsabóid.

D'fhonn a ríthe a cheangal i gcuibhreacha, agus a n‑uaisle i ngeimhleacha iarainn,

An lá sin, léasfaidh an Tiarna slua na spéire sa spéir, agus abhus ar talamh ríthe na talún.

Osclaígí na geataí! Isteach leis an bpobal fíréanta, an té a sheasann lena ghealltanas,

Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.

déanfaidh mé a gcinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Tabharfaidh mé aoibhneas dóibh i mo theach urnaí. Glacfar air m'altóir lena dtabhartais loiscthe agus lena n‑íobairtí, óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go léir.

Ní bheidh trácht ar fhoréigean i do dhúiche níos mó, ar scrios ná ar shlad i do chríocha. Goirfidh tú Saoirse do do mhúrthaí.

Ar a fheiceáil duit, beidh loinnir i do ghnúis, beidh do chroí ag borradh ionat le tocht: óir casfar flúirse na farraige i do threo, tiocfaidh saibhreas na náisiún ag triall ort.

Ach goirfear daoibhse sagairt an Tiarna agus tabharfar oraibh lucht freastail ár nDé. Beidh saibhreas na gciníocha agaibh le caitheamh agus a maoin ar fad faoi réir agaibh.

Amach libh, amach trí na geataí! Réitigí bealach do mo mhuintir! Tógaigí tóchar, tógaigí suas é; glanaigí na carraigeacha ar shiúl! Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha!




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí