Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.
Déanfaidh mé díol uafáis díobh i radharc ríochtaí uile an domhain, mar gheall ar Mhanaise, mac Hiziciá, rí Iúdá, agus na míghníomhartha a rinne sé in Iarúsailéim.
Leis an scairt: “Marcshlua agus boghdóirí” teitheann an tír ar fad; tugann dream amháin na doirí orthu, dreapann dream eile suas ar na creaga; tréigtear [an tír uile], ní fhágtar duine ann.
Scriosfaidh mé an duine agus an beithíoch; scriosfaidh mé éanlaith an aeir agus éisc na farraige (agus gach ábhar scannail agus gach rud a bhaineann tuisle as lucht an oilc) agus scuabfaidh mé an cine daonna chun siúil de dhromchla an domhain, a deir an Tiarna.
Cuirfidh an Tiarna scaipeadh ort i measc na gciníocha go léir ó cheann ceann na cruinne; agus déanfaidh tú seirbhís ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche, nárbh eol duit féin ná do do shinsir.