Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé: “Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad, na tithe gan duine daonna, an tuath tréigthe,
Tá bhur dtír ina fásach, tá bhur gcathracha loiscthe, bhur dtailte, tá siad á gcreachadh os comhair bhur súl ag strainséirí; díthreabh atá ann, mar a bhí nuair a scriosadh Sodom.
Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht, tá Iúdá ag titim i bhfothracha, óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna, is masla iad ar a ghlóir.
Óir tá an pálás tréigthe, agus torann an bhaile ina thost; beidh cnoc Oifil agus an Port Mór ina bpluaiseanna go deo, réimse macnais do na hasail allta, féarach na dtréad.
Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir, bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth; tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch, déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.
In ionad a bheith tréigthe mar a bhí tú, i do chéile a raibh fuath ort agus tú fágtha, déanfaidh mé ábhar mórála díot go deo, cúis ghairdis ó ghlúin go glúin.
Sea, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh pálás rí Iúdá: Ba Ghileád thú agamsa, Ba bheann de chuid na Liobáine thú; mar sin féin, déanfaidh mé fásach díot, baile gan áitritheoir ann.
Tá an leon aníos óna dhoire, tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí, tá sé tagtha óna bhaile chun do fhearann a bhánú. Déanfar conamar de do bhailte gan duine ná deoraí iontu.
“Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Chonaic sibh an t‑anró uile a thug mise ar Iarúsailéim agus ar bhailte Iúdá; inniu tá siad ina bhfothracha gan cónaí iontu.
An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo: “Táimid scriosta go hiomlán; tá fearann mo phobail á thomhas le dorú agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo; tá ár gcuid talún á roinnt amach.”
Faoi mar a rinne an Tiarna gairdeas ag bronnadh conáich agus ratha oraibh, sin mar a dhéanfaidh sé gairdeas do bhur scrios agus do bhur milleadh. Stoithfear sibh as an talamh a bhfuil sibh ag dul ann á shealbhú.