Íseáia 6:10An Bíobla Naofa 1981Déan croí an phobail seo trom, déan a gcluasa bodhar, dall a gcuid súl, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, go gcloisfeadh a gcluasa, go dtuigfeadh a gcroí, go n‑iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’ ” Féach an chaibidil |
Agus sin é an fáth gur mar seo atá an Tiarna ag labhairt leo: “Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta, ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta, breis bheag anseo, breis bheag ansiúd,” sa chaoi go dtitfidh siad i ndiaidh a gcúil as a gcoiscéim, go mbrisfear iad, agus go sáinneofar agus go ngabhfar.
Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha, agus go n‑íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh.