Ar gor ar uibheacha nathrach atá siad, agus ag fíodóireacht líonta damhán alla; an té a itheann a n‑uibheacha, faigheann sé bás, agus má bhristear ceann acu, nathair nimhe a thagann amach.
Ná bíodh gairdeas ortsa, a Fhilistía go léir, de bharr gur briseadh an bata a bhíodh do do léasadh, óir as pór na péiste tiocfaidh nathair, agus a thoradh sin arís, beidh ina dhragan sciathánach.
Déanfaidh an nathair a nead inti agus béarfaidh a cuid uibheacha; is inti a rachaidh sí ar gor agus a ligfidh amach a hál; is inti fós a bhaileoidh na seabhaic le chéile,
Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?