Íseáia 59:16An Bíobla Naofa 1981Chonaic sé nach raibh aon duine ann, agus b'iontach leis gan fear eadrána bheith le fáil. Mar sin rinne a lámh féin slánú dó agus ba í a fhíréantacht a chrann taca. Féach an chaibidil |
Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.