Óir is líonmhar ár bpeacaí i do láthair, agus tá ár gcionta ag tabhairt fianaise inár n‑aghaidh. Mar is feasach sinn ar bpeacaí, agus is eol dúinn go maith ár gcoireanna:
“Agus anois tar éis ar bhain dúinn de bharr ár ndrochghníomhartha agus ár mórchiontachta - cé go ndearna tusa, a Dhia, ár gcionta a mheas níos éadroime ná mar is cóiriúil iad agus gur fhág tú an fuíoll áir seo anseo againn -
agus dúirt: “A Dhia, tá ceann faoi orm agus lasaim le náire agus m'aghaidh á tógáil chugat agam, a Dhia liom, mar méadaíodh ár gcoireanna nó go bhfuil siad níos airde ná ar gceann, agus carnadh suas ár bpeaca ionas go sroicheann sé na flaithis.
Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta, a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe! Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael, d'iompaigh siad uaidh i leith.
Glaoigh amach in ard do chinn, na coinnigh siar é, ardaigh do ghlór mar a bheadh adharc á séideadh. Taispeáin do mo phobal a gcoireanna agus do theaghlach Iacóib a bpeacaí.
Bíodh agus go bhfianaíonn ár n‑oilc inár n‑aghaidh, déan beart mar sin féin, a Thiarna, ar son d'ainm fein! Go deimhin is minic a bhíomar mídhílis, pheacaíomar i d'aghaidhse!
Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach! An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat? Shuigh tú sna bealaí rompu ar nós Arabaigh san fhásach. Tá an talamh truaillithe ag do striapachas agus do chionta.
Chuir sí i gcoinne mo dheasghnátha, níos measa ná mar chuir na ciníocha; chuir sí i gcoinne mo reachtanna, níos measa ná mar chuir na tíortha máguaird; óir thug sí cúl le mo dheasghnátha agus níor shiúil de réir mo reachtanna.
Agus má théann aon chuid acu slán, beidh siad ar na sléibhte amhail coilm na ngleannta, an t‑iomlán acu ag caoineadh, gach duine i dtaobh a pheacaí féin.
Sin é an fáth a ndéantar faillí sa dlí agus nach bhfeictear an chóir á déanamh choíche. Óir faigheann an drochdhuine an ceann is fearr ar an bhfíréan agus dá dheasca sin cuirtear an chóir as a riocht.