Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 59:10

An Bíobla Naofa 1981

Tá muid ag gliúmáil romhainn inár ndaill cois balla; mar a dhéanfadh daoine gan súile atá ár ngliúmáil. Tá muid ag tuisliú um nóin mar bheadh sa chlapsholas, tá cónaí orainn sa dorchadas ar nós na marbh.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Bíonn dorchadas rompu sa lá Agus bíonn siad ag amharcaíl oíche um mheán lae.

Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.

Agus sin é an fáth gur mar seo atá an Tiarna ag labhairt leo: “Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta, ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta, breis bheag anseo, breis bheag ansiúd,” sa chaoi go dtitfidh siad i ndiaidh a gcúil as a gcoiscéim, go mbrisfear iad, agus go sáinneofar agus go ngabhfar.

Eisean an sanctóir agus an ceap tuisle eisean an charraig a bhainfidh leagan as dhá theaghlach Iosrael; é ina shás agus ina ghaiste do mhuintir Iarúsailéim.

Agus bainfear tuisle as mórán díobh, titfidh siad agus brisfear iad; rachaidh siad sa dol agus béarfar orthu.”

Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.

Thug sé orm cónaí sa dorchadas ar nós na marbh a d'éag fadó.

D'imigh siad ar fán trí na sráideanna ina ndaill; bhí siad truaillithe le fuil, sa chaoi nárbh fhéidir le haon duine baint lena mbaill éadaigh.

An faobhar don ár, an snas don drithliú. An cúis áthais é seo againn gur dhíspeag sibh ríshlat mo mhic amhail gach sórt crainn?

An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia, tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin, agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil.

Dá dheasca sin titfidh an oíche oraibh; ní bheidh a thuilleadh físeanna agaibh; clúdóidh an dorchadas sibh agus ní dhéanfaidh sibh fáistine feasta. Is ea, rachaidh an ghrian faoi ar na fáithe agus dorchóidh an lá orthu.

Dúirt Íosa leo ansin: “Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh. An té a shiúlann sa dorchacht, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.

“Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n‑iompódh siad agus go leigheasfainn iad.”

agus beidh tú ag únfairt um mheán lae mar a bhíonn an dall ag únfairt sa dorchadas agus ní bheidh an t‑ádh i do bhóthar; ní bheidh ach leatrom agus slad á dhéanamh ort gan stad, gan lámh chúnta a fháil ó aon duine.

Ach an té ar fuath leis a bhráthair tá sé sa dorchacht agus siúlann ann, agus ní fios dó cá bhfuil a thriall mar gur dhall an dorchacht a shúile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí