a n‑urchóidí féin agus urchóidí a n‑aithreacha, an t‑iomlán le chéile, a deir an Tiarna, an dream a bhíodh ag dó túise ar na sléibhte agus ag tabhairt mo dhúshlán ar na cnoic. Díolfaidh mé an comhar leo go huile agus go hiomlán.
Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing, ó réab tú do chuibhreacha, á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’ Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard agus faoi gach crann craobhach luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.
Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach! An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat? Shuigh tú sna bealaí rompu ar nós Arabaigh san fhásach. Tá an talamh truaillithe ag do striapachas agus do chionta.
Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: “An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d'imir ansin an striapach?
Ghlac tú de d'éadach agus chóirigh tú áiteanna arda le dathanna éagsúla de agus ba ansin a mheirdrigh tú; a leithéid ní raibh riamh agus ní bheidh arís.
Thóg tú d'ardionad ag ceann gach sráide, ag truailliú do scéimhe agus ag méadú do striapachais trí bheith do do thairiscint féin do gach duine a théadh an bealach.
Agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a luífidh a gcorpáin ansin i measc a n‑íol timpeall a n‑altóirí máguaird, ar gach cnoc ard, ar mhullach gach sléibhe, faoi gach crann glas, faoi gach dair dhuilleach, cibé áit ar íobair siad boladh cumhra dá n‑íola uile.