Is ea, de bharr na hurchóide tógtar an fíréan ar shiúl ach isteach sa tsíocháin a théann sé. Tá siad ag ligean a scíthe ar a leaba dheireanach, iad siúd a shiúil bealach na córa.
Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,
Chuireadar é sa tuama a d'ordaigh sé a thochailt dó féin i gcathair Dháiví. Leagadar ar chróchar é faoi bhrat spíosraí agus olaí cumhra a ullmhaíodh le healaín an chumhradóra agus d'adhnadar béileach mhór thine ina onóir.
Is mar seo a deir an Tiarna: “Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’
Chóirigh siad leaba di i measc na marbh, lena slua uile timpeall a huaighe; gach duine acu gan timpeallghearradh, arna thitim leis an gclaíomh. Ach bhí uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire siúd a théann síos go Seól. Tá siad curtha ansin i lár na marbh.
Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’
Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.
Ansin chuala an guth ó na flaithis á rá: “Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.” “Is beannaithe go deimhin,” a deir an Spiorad, “i dtreo go scuirfidh siad dá saothar mar tá a n‑oibreacha á leanúint.”