Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 57:15

An Bíobla Naofa 1981

Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.

Féach an chaibidil Cóip

72 Tagairtí Cros  

Phlandaigh Abrahám crann tamaraisce i mBéar Seaba agus ghlaoigh ansiúd ar ainm an Tiarna, Dia síoraí.

Daingnigh más ea anois, a Dhia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta, Dáiví, m'athair.

De bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair Dé nuair a chuala tú cad a bhagair sé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe; de bhrí gur umhlaigh tú thú féin os mo chomhair, agus gur stróic tú do chuid éadaigh, agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit - sé an Tiarna atá ag caint.

Óir leagann sé ar lár lucht na mbriathar uallach, Agus slánaíonn sé lucht na súl uiríseal.

Bheadh sé fós mar shólás agam - Agus bheinn daingean i bpian gan taise - Nár shéan mé briathra an té is Naofa.

Rinne sé a phobal a fhuascailt, agus bhunaigh sé a chonradh go brách. Is naofa a ainm agus is creathnach.

Is ar neamh atá ár nDiana; gach uile ní is áil leis, déanann sé é.

Amhrán Oilithreach. 1 Chugat a thógaim mo shúile; chugatsa a chónaíonn ar neamh.

Dá airde é an Tiarna is cúram dó an t‑íseal; ach breathnaíonn sé an t‑uaibhreach i bhfad uaidh.

Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide, tugann tú beatha dom in aghaidh fraoch m'eascairde. Síneann tú do lámh chugam do mo shaoradh; agus fóirfidh tú orm le do dheasláimh.

Leigheasann sé lucht an chroí bhriste; agus déanann a gcréachtaí a cheangal.

Éisteann an Tiarna nuair a ghlaonn na fíréin air: fuasclaíonn sé óna gcúngaigh go léir iad.

Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.

A Thiarna, oscail mo bheola, agus fógróidh mo bhéal do mholadh.

M'íobairtse, a Dhia, an croí aithríoch; ní eiteoidh tú, a Dhia, croí brúite uiríseal.

Bíodh náire agus scéin go brách orthu; go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!

Ó thosach sular saolaíodh na sléibhte, sular rugadh an talamh agus an chruinne, is tú Dia gan tús gan deireadh.

Tá do chathaoir arna daingniú ó na cianta; tá tú ann ón tsíoraíocht, a Thiarna.

Óir is tú an Tiarna go dearfa in ardréim os cionn na cruinne, agus os cionn na ndéithe go léir.

Tugaidís moladh dá ainm óir is éachtach é agus is uamhnach; is naofa é agus [lán de chumhacht].

Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?

Threoraigh tú le teann grá an pobal a d'fhuascail tú; rinne tú eolas dóibh le do neart chun d'áitribh naofa.

Beidh an Tiarna i réim go deo na ndeor.”

Chlúdaigh an néal Both na Teagmhála, agus líon glóir an Tiarna an taibearnaca.

Níor fhéad Maois dul isteach i mBoth na Teagmhála mar gur luigh an néal uirthi agus gur líon glóir an Tiarna an taibearnacal.

Is fearr a bheith umhal ó chroí i measc na n‑íseal ná an chreach a roinnt leis na huaibhrigh.

I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé, i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin.

Óir is é seo atá an Tiarna a rá liom: “Ón áit a bhfuil mo chónaí, tá mé ag breathnú uaim go socair, le linn loinnir agus ruithne teasa, le ceo drúchta i mbrothall an fhómhair.”

Tá an Tiarna in airde, mar tá a chónaí san aird thuas; líonann sé Síón le ceart agus le cóir.

An ea nach bhfuil fhios agat? An ea nach eol duit é? Dia síoraí is ea an Tiarna, is é a chruthaigh críocha na talún. Ní thagann tuirse air ná traochadh agus níl léamh ar a eagna.

Is amhlaidh a bheidh rath ar mo Ghiolla, gheobhaidh sé gradam agus céimíocht agus oirearcas thar cuimse.

An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine:

Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile: “Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua. Tá an talamh lán dá ghlóir.”

Breathnaigh anuas ó na flaithis agus féach, ó arda na naofachta agus na glóire mar a bhfuil do chónaí. Cá bhfuil do dhíbheirg agus do ghaisce, do theasghrá agus do thrócaire chugainn? Ná seas i leataobh uainn

Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo. Is é an Rí síoraí é. Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg, ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.

Tógaimis ár gcroíthe agus ár lámha araon chun Dé atá sna flaithis go hard.

ionas go mba chuimhin leat agus go gcuirfí cotadh ort agus go gcuirfí i do thost go deo thú de bharr do náire, nuair a mhaithfidh mise duit a bhfuil déanta agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Dúirt an Tiarna leis: “Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.”

agus réabaigí bhur gcroí in ionad bhur mball éadaigh.” Filligí chun an Tiarna, bhur nDia, mar tá sé truachroíoch agus trócaireach, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus is aithreachas dó an t‑olc.

Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.

Míníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarrann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.

Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n‑aghaidh, agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu. Beidh a fhios agaibhse ansin gurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé.

Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.

Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí: Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d'ainm;

Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,

“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;

Sea, shéan sibh an té a bhí naofa fíréan agus d'iarr sibh go scaoilfí saor chugaibh dúnmharfóir.

Mar ó chruthú an domhain i leith tá a thréithe do-fheicthe - a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht - le haithint agus le feiceáil sna nithe atá déanta. Más ea, níl aon leithscéal acu,

Is é a thugann sólás dúinne cibé anacair a bheireann orainn, i dtreo go mbímid i riocht sólás a thabhairt do dhaoine eile a bhíonn in aon anacair leis an sólás lena bhfaighimid féin sólás ó Dhia.

Is é a mhalairt is córa daoibh a dhéanamh anois, is é sin maithiúnas agus sólás a thabhairt dó ar eagla go gcloífí é faoi iomad den bhrón.

Ach an Dia a thugann sólás do na huirísle, thug sé sólás dúinne nuair a tháinig Títeas ar an láthair.

Sé Dia síoraí do thearmann. Anseo thíos sé an lámh shíoraí é ag tiomáint an namhad romhat; eisean a deir: “Scrios iad.”

Moladh agus glóir do rí na n‑aoiseanna, don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Amen.

an tAon atá buan gan bás, agus a chónaíonn sa solas doshroichte. Aon duine riamh ní fhaca é ná ní féidir dó é a fheiceáil. Glóir dó agus cumhacht shíoraí. Amen.

Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.

Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.”

Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”

Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.”

“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: ‘Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine:

Agus bíonn sé sciatháin ar gach ceann de na ceithre dúile beo, agus iad lán de shúile mórthimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná d'oíche ach ag rá:

Níl aon neach naofa mar an Tiarna - níl aon neach seachas thú - Níl carraig mar ár nDia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí