Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 56:9

An Bíobla Naofa 1981

A ainmhithe uile an mhachaire, tagaigí; a ainmhithe uile na foraoise, tagaigí agus sásaigí bhur gcraos.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Leathann tú an dorchacht go mbíonn ina oíche, agus go mbíonn ainmhithe uile na coille ar a seilg -

Fágfar ansin iad go léir le haghaidh éin chreiche na sléibhte agus ainmhithe allta na talún. Caithfidh na héin an samhradh ag gabháil dóibh, agus na hainmhithe allta an geimhreadh.

Scairtim ar éan creiche anoir, ar fhear na cinniúna as tír i gcéin. Ní luaithe ráite ná déanta é! Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích!

Nó an cosúil m'oidhreacht le héan breac a mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh? Tagaigí, a bheithíocha allta, cruinnígí chun slogtha.

“Is mairg do na haoirí a ligeann do chaoirigh m'innilte imeacht ar aimhleas agus ar fán - an Tiarna a labhraíonn.

Caithfidh mé amach san fhásach thú, tú féin agus éisc uile do shruthán; titfidh tú ar mhachaire lom, gan do chruinniú le chéile ná do chur sa talamh. Tabharfaidh mé mar bhia thú do bheithígh an mhachaire agus d'éanlaith an aeir,

“A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia: Labhair le gach sórt éin agus leis an uile ainmhí sa mhachaire: Tionólaigí agus tagaigí anseo, tagaigí le chéile i gcomhair an fhéasta íobartha atá mé a ullmhú daoibh, féasta mór íobartha ar shléibhte Iosrael ina n‑íosfaidh sibh feoil agus ina n‑ólfaidh sibh fuil.

Beidh do chonablach ina bhia ag éanlaith an aeir go léir agus ag ainmhithe na talún, gan aon duine ann chun iad a ruaigeadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí