Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 56:4

An Bíobla Naofa 1981

Óir is mar seo a deir an Tiarna: Na coillteáin a choinníonn mo shabóidí, a théann leis an ní a thaitníonn liom agus a chloíonn go docht le mo chonradh,

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Seasann mo theach daingean i láthair Dé, mar rinne sé conradh síoraí liom, agus d'fhág gach ní in eagar go teann. Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mé gach ní is mian liom?

Is iad d'fhorálacha mo oidhreacht go brách; cuireann siad áthas ar mo chroí.

Buanghrá is dílse cosáin uile an Tiarna dá gcomhlíonann a chonradh agus a aithne.

Sin nó cead acu dul ar mo choimirce agus síocháin a dhéanamh liom. Is mairg nach ndéanann siad síocháin liom!

Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach. Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.

Is méanar don duine a dhéanann amhlaidh agus do mhac an duine a chloíonn go docht leis: ag coinneáil na sabóide gan truailliú agus á choimeád féin ó gach droch ghníomh.

Agus clann na n‑eachtrannach chomh maith, a chloígh leis an Tiarna chun fónamh dó, chun grá a thabhairt d'ainm an Tiarna agus chun bheith ina seirbhísigh aige, iad siúd uile a choinníonn an tsabóid gan truailliú agus a chloíonn go docht le mo chonradh,

Má scorann tú den tsabóid a bhrú faoi chois agus de do ghnóthaí a dhéanamh ar an lá beannaithe; má ghlaonn tú lá aoibhnis ar an tsabóid, agus lá urraime ar lá beannaithe an Tiarna; má thugann tú onóir dó agus gan taisteal a dhéanamh air, ná gnóthaí a dhéanamh ná dul i ndáil chomhairle;

Iarrfaidh siad an tslí go Síón; beidh a n‑aighthe sa treo sin: ‘Tagaigí,’ ar siad, ‘ceanglaímis sinn féin don Tiarna i gconradh síothbhuan nach ligfear i ndearmad go brách!’

Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”

Mar an gcéanna, nuair ba mhian le Dia a thaispeáint ní ba shoiléire ná riamh do na daoine ar tugadh an gealltanas dóibh nach bhféadfadh athrú a theacht ar a chomhairle, thug sé mionn uaidh mar dhearbhú air.

Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí