Ná habradh mac an eachtrannaigh a chuaigh leis an Tiarna: “Cinnte, coinneoidh an Tiarna amach as a phobal mé.” Ná habradh an coillteán: “Níl ionamsa ach crann seasc.”
“Agus an strainséir chomh maith nach mbaineann le do phobal Iosrael, má thagann sé ón imigéin ar son d'ainm, agus do láimhe tréine, agus do ghéige sínte amach - má thagann sé agus guí a dhéanamh sa Teampall seo,
Sea, glacfaidh an Tiarna trua do Iacób agus toghfáidh sé Iosrael arís agus bunóidh sé iad ina dtír féin. Tiocfaidh an coimhthíoch a cheangal leo agus cloífidh sé le teaghlach Iacóib.
tabharfaidh mé dóibh leacht agus ainm i mo theach féin agus laistigh de mo bhallaí, rud is fearr ná clann mhac agus iníonacha; tabharfaidh mé dóibh ainm síoraí, ainm nach gcealófar go deo.
Agus clann na n‑eachtrannach chomh maith, a chloígh leis an Tiarna chun fónamh dó, chun grá a thabhairt d'ainm an Tiarna agus chun bheith ina seirbhísigh aige, iad siúd uile a choinníonn an tsabóid gan truailliú agus a chloíonn go docht le mo chonradh,
Iarrfaidh siad an tslí go Síón; beidh a n‑aighthe sa treo sin: ‘Tagaigí,’ ar siad, ‘ceanglaímis sinn féin don Tiarna i gconradh síothbhuan nach ligfear i ndearmad go brách!’
Ní miste daoibh chomh maith iad a cheannach ó i measc na gcoimhthíoch a chónaíonn in bhur measc agus óna gclann a chonaíonn in bhur measc agus a saolaíodh ar bhur dtailte. Bíodh seilbh agaibh orthusan.
Cuirfidh an Tiarna scanradh a n‑anama orthu; mar cuirfidh sé déithe uile an domhain ar neamhní agus sléachtfaidh insí uile na náisiún go talamh roimhe, gach ceann acu ina áit féin.
Gabhsa agus do chlann mhac mar aon leat na dualgais sagairt a bhaineann leis an altóir agus lena bhfuil laistigh den fhial oraibh féin. Ceiliúrfaidh sibh an liotúirge; cuirim a dhualgais ar bhur sagartacht. Ach aon duine eile gan údarás a thiocfaidh i ngar, cuirfear chun báis é.”
Chuaigh an scéal ina luí ar chuid acu agus thaobhaigh siad le Pól agus le Síleas, agus slua mór de na págánaigh dhiaganta mar an gcéanna agus líon nár bheag de na mná measúla.
bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n‑íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh.
Cuimhnígí go raibh sibh an uair úd ar deighilt ó Chríost, nach raibh aon chuid agaibh i stát Iosrael ná aon pháirt agaibh sna conarthaí ná sna gealltanais, go raibh sibh gan dóchas sa saol agus gan Dia féin.