Tabharfaidh mé mo cheart i láthair go tobann, tiocfaidh mo shlánú ar nós an tsolais. Tá mo lámh ar tí breith a thabhairt ar na ciníocha. Tá súil ag insí na farraige liom agus iad muiníneach as neart mo láimhe.
Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.
Óir mise, an Tiarna, is ionúin liom an ceart agus is gráin liom slad agus éagóir. Tabharfaidh mé a luach saothair dóibh go dílis, agus déanfaidh mé conradh síoraí leo.
Cuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceart agus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí. Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin; is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne.
Míníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarrann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.
Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna - mar pheacaigh mé ina choinne - go dtí go n‑agraíonn sé mo chúis agus go seasann sé ceart dom. Treoróidh sé mé chun an tsolais agus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé.