Íseáia 54:3An Bíobla Naofa 1981Óir réabfaidh tú amach as do chríocha ar dheis agus ar chlé. Cuirfidh do shliocht na ciníocha as a seilbh, agus déanfaidh áitreabh dóibh féin as cathracha tréigthe. Féach an chaibidil |
Tiocfaidh na ciníocha faoina gcoinne agus déanfaidh siad iad a thionlacan ar ais ionsar a n‑áit dúchais, agus fostóidh teaghlach Iosrael iad mar sclábhaithe agus searbhóntaí dóibh féin ar thalamh an Tiarna. Tógfaidh siad mar bhraighdeanaigh iad siúd ag a raibh siad ina mbraighdeanaigh, agus beidh smacht acu ar lucht a mbrúite.
Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna: [Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis, muintir Shaba na bhfear mór ard, tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat; siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu. Sléachtfaidh siad i do láthair, agus guífidh siad thú, á rá: “Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann; níl dia eile ann ach é.”