Íseáia 53:6An Bíobla Naofa 1981Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán, gach aon ag dul a bhealach féin. Agus d'aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir. Féach an chaibidil |
An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.