Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 52:5

An Bíobla Naofa 1981

Ach anois cad atá agam anseo? a deir an Tiarna, ó tógadh mo mhuintir ar shiúl saor in aisce agus lucht smachtaithe ag déanamh gaisce, a deir an Tiarna, agus ó mhaidin go hoíche gan stad tá m'ainm á mhaslú.

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

Ach ó thug tú barr masla don Tiarna tríd an ngníomh seo, gheobhaidh an leanbh a ghin tú bás.”

Thug tú suas sinn mar chaoirigh chun ár maraithe. Chuir tú scaipeadh orainn ar fud na gciníocha.

Bíonn mo tharcaisne os mo chomhair de shíor agus luisne na náire i mo leiceann

Cá fhad a bheidh an t‑eascara go tarcaisneach, a Dhia; an dtabharfaidh an namhaid masla do d'ainm go brách?

Cuimhnigh, a Thiarna, ar an namhaid fonóideach; tugann pobal gan chiall tarcaisne do d'ainm.

Ansin dúirt an Tiarna: “Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.

‘Cén ceart nó cén gnó atá agat anseo go bhfuil tú ag gearradh tuama duit féin ann, ag gearradh amach tuama ar an ard, ag snoí seomra duit féin sa charraig?’

Is eol dom nuair a éiríonn tú agus nuair a shuíonn tú, nuair a ghabhann tú amach agus isteach.

dúirt seisean leo: “Déarfaidh sibh le bhur máistir: Seo é briathar an Tiarna: Ná bíodh eagla ort tar éis a bhfuil cloiste agat nuair a bhí giollaí rí na hAsaíre ag caitheamh masla liom.

Bhí colg orm chuig mo mhuintir, agus d'fhág mé smál ar m'oidhreacht. Lig mé isteach i do lámhasa iad, ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh. Ar an seanduine bhuail tú anuas do chuing go róthrom.

Tá do mhic ina luí gan lúth ar choirnéal gach uile shráide chomh lag le heilit i mbarrach, ar meisce le fearg an Tiarna, le bagairtí do Dhé.

Cuirfidh mé isteach i lámha lucht do chéasta é, iad sin a deireadh leat: “Luigh fút, agus siúlfaimid sa mhullach ort.” Agus dhéantá cabhsa as do dhroim, mar a bheadh bealach mór ann le haghaidh lucht siúil.

Sea, seo mar a deir an Tiarna: Díoladh saor in aisce sibh agus ceannófar ar ais sibh gan airgead.

Ba chaora seachráin é Iosrael, agus na leoin sa tóir air. “Ar dtús, d'alp rí na Síre é; ansin chreim Nabúcadnazar rí na Bablóine a chnámha.

[Éist] le mo chuid osnaíola; níl aon sólásaí ar bith agam; chuir scéala m'anó áthas ar mo naimhde uile; ar ndóigh ba thusa ba bhun leis go léir; luathaigh an lá atá fógartha agat, nuair a bheidh siadsan mar a bhfuilimse anois.

Bhasc sé le fraoch feirge cumhacht uile Iosrael; níor thug sé tacaíocht a dheasláimhe in aghaidh an namhad; las sé suas in Iacób mar chraos tine a d'ídigh a raibh ina thimpeall.

Ach d'oibrigh mé ar mhaithe le m'ainm ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha, os a gcomhair siúd ar sheol mé amach iad.

Ach d'oibrigh mé ar mhaithe le m'ainm féin ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha ar chónaigh siad ina measc, óir gheall mé dóibh os comhair na gciníocha sin go dtreoróinn amach as tír na hÉigipte iad.

An lá sin, a deir an Tiarna, cloisfear gáir ó Gheata na nIasc agus uallfartach ón mBaile Nua agus callán mór ó na cnoic.

Mar de réir an scrioptúir: “Is sibhse faoi deara ainm Dé a bheith á mhaslú i measc na ngintlithe.”

Agus iad láimh le teach Mhíceá, d'aithníodar guth an Léivítigh óig; d'iompaíodar ina threo, agus dúradar leis: “Cé thug anseo thú? Cad tá tú a dhéanamh anseo? Cén gnó atá anseo agat?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí