Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 52:3

An Bíobla Naofa 1981

Sea, seo mar a deir an Tiarna: Díoladh saor in aisce sibh agus ceannófar ar ais sibh gan airgead.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Thug tú suas sinn mar chaoirigh chun ár maraithe. Chuir tú scaipeadh orainn ar fud na gciníocha.

Dhíol tú do phobal in aisce, agus ní bhfuair tú dada de bharr a ndíolta.

Déanfar Síón a athcheannach le hionracas, agus le ceart an dream dá muintir a iompóidh ar ais.

An duine seo, is mé a ghríosaigh chun bua é, tá an bealach réitithe agam roimhe. Déanfaidh sé mo chathair a atógáil agus mo dheoraithe a scaoileadh saor abhaile gan éiric gan airgead fuascailte,” a deir Tiarna na Slua.

Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.

Gairfear dóibh Pobal Naofa, Cion Fuascailte an Tiarna, agus duit féin a mbíonn síorthriall ort Cathair nach dtréigtear.”

Mar bhí cinnte ar lá an díoltais i mo chroí agam, agus bhí bliain fuascailte mo mhuintire tagtha.

“Tabharfaidh mé do mhaoin agus do chiste chun creiche, mar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre.

ag tógáil d'ardáin ag ceann gach sráide agus d'ardionaid ag gach crosbhóthar? Ach murab ionann agus striapach ní ghlacfá airgead.

Tabharfaidh crainn na tuaithe a dtoradh agus an talamh a biseach, agus beidh siad gan bhaol ar a bhfód dúchais. Tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a scaoilfidh mé ceangal a gcuinge agus iad a fhuascailt ó lucht a ndaoirse.

Mura ndéantar é a fhuascailt ar aon slí díobh sin scaoiltear saor é i mbliain na hiubhaile, é féin agus a chlann in éineacht leis.

Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n‑iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n‑aithreacha,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí