Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 52:1

An Bíobla Naofa 1981

Dúisigh, dúisigh suas! Cuir umat do neart, a Shíón! Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach, a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe. Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.

Féach an chaibidil Cóip

40 Tagairtí Cros  

Tugaigí an ghlóir is dual dá ainm, don Tiarna! Beirigí amach an ofráil agus tugaigí os a chomhair í. Adhraigí an Tiarna ina chúirt naofa.

Chuir uachtaráin an phobail fúthu in Iarúsailéim. Cuireadh ar cranna é i measc na coda eile den phobal le go dtiocfadh duine as deichniúr agus cur faoi in Iarúsailéim, an chathair naofa, ach an naonúr eile sna bailte.

Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe ar na sléibhte naofa; is leat [an ríogacht ó fhíorthús d'óige].

Déanfaidh tú éidí naofa do Árón do dheartháir dochum glóire agus maise.

“Agus do mhaca Árón déanfaidh tú ionair agus criosanna agus boinéid, déanfaidh tú iad mar ghlóir agus mar scéimh.

Conas a rinne striapach di, an chathair dhílis? Síón, a bhí lán de dhílseacht, mar a raibh an ceart ina chónaí, níl intí anois ach lucht dúnmharfa.

Cuirfidh mé do bhreithimh ar ais mar bhí siad cheana, do chomhairleoirí mar bhí siad anallód. As sin amach, glaofar cathair na córach ort, an chathair fhíréanta.”

Osclaígí na geataí! Isteach leis an bpobal fíréanta, an té a sheasann lena ghealltanas,

Beidh bealach mór agus bóthar ansin a dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe; ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin, ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad.

An dream a mhairfidh de Shíón, fuíoll áir Iarúsailéim tabharfar naoimh orthu uile agus clárófar ar rolla na beatha iad in Iarúsailéim.

Óir ainmníonn sibh sibh féin as an chathair bheannaithe agus ligeann sibh bhur dtaca le Dia Iosrael arb é Tiarna na Slua is ainm dó.

Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall uait: tá siad siúd go léir ag cruinniú agus ag déanamh ort. Ar mo bheo - is é an Tiarna atá á mhionnú - seoda is ea iad le tú féin a mhaisiú, le cur ort ar nós feisteas brídeoige!

Dúisigh, dúisigh suas! Bí i do shuí, a Iarúsailéim! Tusa a d'ól ó láimh an Tiarna cupán a fheirge. Corn an mhearbhaill, d'ól tú é, d'ól tú siar é ar fad.

Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?

Éirigh, go lonrach, mar seo é do sholas ort, agus tá glóir an Tiarna tar éis éirí os do chionn,

Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.

“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.

agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.

Tá do chathracha beannaithe ina ndíthreibh, tá Síón ina díthreibh agus Iarúsailéim ina fásach.

Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad: ‘Go mbeannaí an Tiarna thusa, a choimín an chirt, a shliabh na naofachta!’

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Aon choimhthíoch gan timpeallghearradh ina chroí agus ina chorp, de na coimhthígh uile a chónaíonn i measc mhuintir Iosrael, ná téadh sé isteach i mo shanctóir.

Ach dá ainneoin sin uile bíodh misneach agat, a Zarubáibil, a deir an Tiarna, agus agatsa freisin, a Iósua, a mhic Iózádác, a ardsagairt, agus agaibhse, a mhuintir uile na tíre, a deir an Tiarna. I mbun na hoibre libh anois! Óir táimse in bhur dteannta, a deir Tiarna na Slua.

Thug an t‑aingeal an t‑ordú seo a leanas dá lucht freastail: “Bainigí na héadaí salacha de.” Dúirt sé le Iósua ansin: “Féach, conas mar atá mé tar éis do chuid urchóide a thógáil díot agus gléasfaidh mé thú in éadaí taibhseacha.”

Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é

Ach dúirt an t‑athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa,

Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d'fhonn a hainmhianta a shásamh.

Trí chreideamh in Íosa Críost téann an fhíréantacht seo Dé i gcion ar an uile dhuine a bhfuil an creideamh aige. Níl aon dealú ann,

agus an nadúr úrnua a ghabháil chugaibh, an nádúr a cruthaíodh in íomhá Dé ar fhíréantacht agus ar naofacht fhíor.

agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear: “Dúisigh a chodlatáin! Éirigh ó na mairbh agus lonróidh Críost ort.”

Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta.

ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead.

Agus bhí sluaite neimhe á leanúint ar eacha geala, agus iad feistithe i línéadach mín gléigeal glan.

Deonaíodh di í féin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach” (óir is iad oibreacha fíréantachta na naomh an línéadach mín).

Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.

Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí