Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 51:6

An Bíobla Naofa 1981

Ardaígí bhur súile i dtreo na spéire agus breathnaígí ar an talamh síos. Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh, imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann, gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg. Ach mo shlánúsa, beidh sé buan, agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

Ach maireann buanghrá an Tiarna go síoraí don dream ar a mbíonn a eagla,

Is oirirc ollásach iad a oibreacha, agus maireann a fhíréantacht go brách.

Is é sin an fáth a dtiocfaidh ballchrith ar na spéartha, go mbogfaidh an talamh as a áit, le barr buile Thiarna na Slua, sa lá a spréachfaidh a fhearg.

Is é cúl taca na haimsire é; an eagna agus an t‑eolas, is iad sin an stór a shlánaíonn, is í eagla an Tiarna is taisce dó.

tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile. Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla ann agus slua na reann ag feo, mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo, mar dhuilliúr feoite an chrann figí.

Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí: Cé a chruthaigh na réanna úd murarb é an té a scarann amach in eagar slua iad agus a ghlaonn orthu go léir ina n‑ainm? Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidir nach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.

Tá Iosrael slánaithe ag an Tiarna, tá sibh slánaithe aige go deo. Ní bheidh mearbhall ná ceann faoi oraibhse ar feadh saol na saol go brách.

Tá an Tiarna Dia ag cuidiú liom, cé a thabharfadh ciontach mé? Beidh siad spíonta smolchaite ar nós giobal éadaigh, agus iad á gcreimeadh ag leamhain.

Óir creimfidh an leamhan iad ar nós giobal éadaigh, mar bheadh olann iontu íosfaidh na péisteoga iad. Ach mo chumhachtsa chun cirt, mairfidh sí buan agus mo shlánú ó ghlúin go glúin!

Óir féadann na sléibhte imeacht agus na cnocáin bogadh leo, ach mo chaoindúthracht duitse ní imeoidh ná mo chonradh síochána leat ní bhogfar, a deir an Tiarna, a bhfuil trua aige duit.

Is ionann cás dom anois agus in aimsir Naoi nuair a mhionnaigh mé i dtaobh uiscí na Díleann nach sceithfeadh siad thar an talamh níos mó. Mionnaim mar an gcéanna i dtaobh na feirge a bhí orm leat agus i dtaobh na haithise a chaith mé leat.

Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.

Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha.

Nuair a thógann tú do shúile chun nimhe, agus go bhfeiceann tú an ghrian, an ghealach, na réaltaí agus eagar uile neimhe ná mealltar thú agus sléachtadh dóibh agus fónamh dóibh. D'fhág an Tiarna do Dhia iadsan faoi na ciníocha uile faoin spéir;

Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean,

Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó

Chuaigh sé isteach san Áit Rónaofa aon uair amháin ar fad agus ní le cabhair fuil ghabhar agus laonna é ach lena chuid fola dílis féin agus fuair sé slánú síoraí dúinn.

Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.

Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí