Íseáia 51:19An Bíobla Naofa 1981Tá an dá olc seo tar éis teacht ort - cé a bheadh ag maíomh do dhóigh ort? Creach agus scrios, claíomh agus gorta, - cé a thabharfadh sólás duit? Féach an chaibidil |
A dheartháireacha go léir agus a dheirfiúracha go léir, agus gach duine a raibh aithne acu air roimhe sin tháinig siad go léir á fhiosrú, agus shuigh siad chun boird leis ina theach. Bhí siad go báúil cneasta leis, ag tabhairt sóláis dó de bharr an oilc go léir a thug an Tiarna sa mhullach air. Thug gach duine díobh bonn airgid agus fáinne óir dó.