Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 51:18

An Bíobla Naofa 1981

Níl agat feasta chun tú a chinnireacht duine ar bith den chlann mhac a shaolaigh tú, ná chun tú a choinneáil suas lena láimh duine ar bith den chlann mhac a thóg tú.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Ar ndóigh ní dhiúltaíonn Dia don fhíréan, Ná ní thugann lámh chúnta do choirpigh.

Nuair a bhí mo spiorad á chloí istigh ionam, b'eol duit féin mo shlí. Sa tslí ina bhfuil mo shiúl cuireadh gaiste i bhfolach romham.

Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile; tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht.

Óir mise, an Tiarna, do Dhia, tá greim agam ar do láimh dheas; deirim leat: “Ná bíodh eagla ort, táimse ag teacht i gcabhair ort.”

Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras, an té ar rug sé ar láimh dheis air chun na ciníocha a leagan ina fhianaise agus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile; chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteach ionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó.

Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh: “Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom? Bhí mé gan chlann agus mé aimrid, ach iad seo, cé a thóg suas iad?” Bhí mé fágtha liom féin, an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?

A chathair atá cráite, stoirmshuaite, gan sólás, is amhlaidh a leagfaidh mé do chlocha ar charmhogail agus do dhúshraith ar shaifírí.

ach anois tá mo bhoth scriosta, mo rópaí uile briste, d'imigh mo chlann mhac uaim agus níl siad ann; níl duine fágtha agam a shínfidh mo bhoth an athuair, ná a chrochfaidh na scáthéadaí taoibhe.”

ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n‑aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir - an Tiarna a labhraíonn.

Scaipeadh mo chaoirigh, chuaigh siad ar seachrán ar an uile shliabh agus ar an uile chnoc ard; scaipeadh mo chaoirigh ar fud an domhain gan aon duine lena lorg nó lena gcuardach.

Tá an mhaighdean Iosrael ar lár, ní éireoidh sí níos mó; óir tá sí tréigthe ar a talamh féin agus gan aon duine lena tógáil aníos.

Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”

Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire.

Rug sé ar láimh ar an dall agus sheol as an mbaile é, chaith sé seile ar a shúile agus ar leagan a lámh air d'fhiafraigh de: “An bhfeiceann tú aon ní?”

Féach, tá lámh an Tiarna anois ort: beidh tú dall agus ní fheicfidh tú an ghrian go dtí an uair atá ceaptha aige.” Ar an mball tháinig scamall dorcha anuas air agus thosaigh sé ag dul timpeall ag lorg daoine a dhéanfadh giollaíocht air.

D'éirigh Sól den talamh, ach nuair a d'oscail sé na súile ní raibh aon léas radhairc aige. Rug siad ar láimh air agus sheol isteach sa chathair é.

Ní bheidh sé cosúil leis an gconradh a rinne mé lena sinsir an lá úd ar rug mé ar láimh orthu chun iad a sheoladh amach as tír na hÉigipte. Ach ní raibh siad dílis don chonradh a rinne mé leo agus mar sin de thréig mé iad, a deir an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí