Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 51:15

An Bíobla Naofa 1981

Is mise an Tiarna do Dhia a chorraíonn an fharraige agus a chuireann a tonnta ag torann; Tiarna na Slua is ainm dom.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Dheighil tú an mhuir rompu; Ghabh siad cosa tirime tríd an mórmhuir. Chaith tú an dream a bhí ar a dtóir isteach sa duibheagán, Mar a dhéanfaí cloch sa chuilithe.

Chiúnaigh sé an fharraige lena chumhacht, Agus threascair sé Ráhab lena éirim.

Óir labhair sé agus mhúscail sé an t‑anfa, agus thóg sé mórthonnta na mara.

Roinn sé an Mhuir Rua ina dhá cuid, óir maireann a bhuanghrá go brách.

Is tú a scoilt an mhuir le do chumhacht agus a bhris ina mbloghanna cinn na n‑arrachtach san uisce.

Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d'fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach.

Deir ár slánaitheoir, arb é Tiarna na Slua is ainm dó Neach Naofa Iosrael:

Óir ainmníonn sibh sibh féin as an chathair bheannaithe agus ligeann sibh bhur dtaca le Dia Iosrael arb é Tiarna na Slua is ainm dó.

An ea nach tusa a thriomaigh an fharraige, uiscí an Aigéin mhóir, chun bealach mór a dhéanamh as duibheagáin na farraige, le go bhféadfadh an dream a fuasclaíodh dul trasna?

Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.

Ní cosúil leo siúd “Roinn Iacóib”, óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó.

An Tiarna a bheir an ghrian mar sholas sa lá, an ghealach agus na réaltaí mar sholas san oíche, a shuaitheann an fharraige agus a bheir ar a tonnta búirthíl, an té darb ainm Tiarna na Slua, deir sé é seo:

Ach níl Iosrael (ná Iúdá) tréigthe ag a nDia, Tiarna na Slua. Tharla seo mar go raibh tír na gCaildéach lán de pheacaí in aghaidh Aon Naofa Iosrael.

Mise an Tiarna bhur nDia; ar an ábhar sin coisricigí sibh féin agus bígí naofa, óir táimse naofa. Ná truailligí sibh féin, leis na míola seo go léir a shnámhann ar an talamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí