Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 51:12

An Bíobla Naofa 1981

Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?

Féach an chaibidil Cóip

37 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias: “Téigh síos leis, ná bíodh eagla ort roimhe.” D'éirigh sé dá bhrí sin agus ghabh síos go dtí an rí ina theannta,

Tá an Tiarna i m'fhochair; ní baol dom. Cad a dhéanfaidh an duine dom?

Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chré agus téann a bhearta ar ceal an uair sin.

Ní aithníonn fear na díchéille, ná ní thuigeann an t‑amadán an ní seo.

Is iomaí duine a bhíonn ag lútáil le rialtóir, ach is ón Tiarna a fhaigheann gach duine a cheart.

An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó, óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol; is é mo shlánú é.”

Ná bíodh do mhuinín sa duine a thuilleadh, nach bhfuil ach puth ghaoithe ina pholláirí. Cén luach a chuirfí síos dó?

“Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,” a deir bhur nDia.

Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.

Canaigí le lúcháir, a spéartha, agus déan gairdeas, a thalaimh! a shléibhte, gairigí amach bhur racht áthais! Óir tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir agus ag glacadh trua dá chlann dearóil.

Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón, tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá. As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin, agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna. Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann, altú buíochais agus siansa ceoil.

Scairtigí amach le háthas, a bhallóga Iarúsailéim! mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir, tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.

Cé a chuir an eagla agus an t‑uamhan ort gur shéan tú mé, go ndearna tú dearmad orm agus nár choinnigh tú áit i do chroí dom? Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile? Mar sin níl eagla ort romhamsa.

chun bliain logha a fhógairt thar ceann an Tiarna, agus lá díoltais dár nDia; chun sólás a thabhairt do lucht an dobróin

Mar a bheadh máthair ag cur páiste chun suaimhnis, mise chomh maith, tabharfaidh mé suaimhneas daoibhse. (In Iarúsailéim a gheobhaidh sibh suaimhneas.)

“Ná tabhair comhcheilg ar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air; an ní is eagal leo, ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan.

Dúirt an rí Zidicíá le Irimia ansin: “Tá eagla orm roimh na Giúdaigh atá imithe cheana do thaobh na gCaildéach, ar fhaitíos go dtabharfaí ina lámha siúd mé agus go dtabharfaidís ainíde orm.”

i bhfad ó na Caildéigh a raibh eagla orthu rompu anois, mar gur mharaigh Ísmeáéil mac Natainiá Gadailiá mac Aichíceám dá ndearna rí na Bablóine rialtóir sa tír.

Ná bíodh eagla ortsa rompu, a mhic an duine; ná bíodh eagla ort nuair a deir siad: ‘Tá dealga thart ort agus scairpeanna fút.’ Ná bíodh eagla ort roimh a mbriathra ná eagla roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.

“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.

Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé ar ais chugaibh.

Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.

“Mar tá an uile fheoil mar an bhféar, agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir;

Dúirt Sól le Samúéil: “Pheacaigh mé óir sháraigh mé aithne an Tiarna agus d'orduithese, mar gurbh eagal liom an pobal agus gur ghéill mé dá nglór.

Nuair a chuala Sól agus Iosrael go léir na focail sin ón bhFilistíneach thit an lug ar an lag acu agus tháinig scéin orthu.

Dhéanadh sé é féin a iompar go haisteach ina láthair, agus nuair a leagaidís lámha air ligeadh sé air a bheith ar buile. [Bhuaileadh] sé ar chomhlaí an gheata agus ligeadh prioslaí lena fhéasog síos.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí