Íseáia 51:11An Bíobla Naofa 1981An pobal atá saortha ag an Tiarna, tá siad ag filleadh, tá siad ag teacht go Síón ag liúireach le gairdeas. Tá aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann, áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta, casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl. Féach an chaibidil |
guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn: Molaigí Tiarna na Slua, óir is maith é an Tiarna, óir maireann a bhuanghrá go brách. “Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!’