Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm, is é sin an fáth nach mothaím an masla. Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas, bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.
Dá thairbhe sin, is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia theaghlach Iacóib, an té a rinne Abrahám a fhuascailt: “Ní bheidh náire ar Iacób feasta, ní bheidh sé bán san aghaidh níos mó,
Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.
Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.
Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: i dtráth mo pháirte tabharfaidh mé toradh ort, lá na fuascailte tiocfaidh mé i gcabhair ort. (Tá tú coinnithe caomhnaithe agam mar chonradh leis an bpobal.) Cuirfidh mé an tír ina ceart arís; roinnfidh mé oraibh as an nua na gabháltais scriosta;
Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire; ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó. Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d'óige agus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.
I dtaca liomsa de, déanfaidh mise díot inniu cathair dhaingean, cuaille iarainn, agus balla práis in aghaidh na tíre seo go hiomlán, in aghaidh ríthe Iúdá, in aghaidh a prionsaí, a sagart agus mhuintir na tíre.
Éistigí, a phobala uile; cloisigí, a dhomhain agus a bhfuil ann. Tá an Tiarna Dia le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidh nuair a bhuailfidh sé amach óna phálás naofa.
Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”
Óir ní náir liom an dea-scéal, mar is é cumhacht Dé é chun slánú a thabhairt do chách a chreideann ann, don Ghiúdach ar dtús agus don Ghréagach chomh maith,
Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?”
Ós rud é gur fhulaing Críost sa cholainn, dá bhrí sin, bíodh an tuiscint chéanna mar arm agaibhse, an té a d'fhulaing sa cholainn, gur scar sé leis an bpeaca,