Íseáia 50:2An Bíobla Naofa 1981Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach. Féach an chaibidil |
Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.