Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 50:10

An Bíobla Naofa 1981

Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

45 Tagairtí Cros  

Is tú féin, a Thiarna, mo lóchrann, agus soilsíonn mo Dhia mo dhorchadas.

Tháinig [Dia] i gcabhair orthu ina gcoinne agus tugadh na Hagraígh agus a lucht tacaíochta go léir ar láimh dóibh; óir bhíodar ag guí chun Dé ag troid dóibh, agus de bhrí go raibh muinín acu as, d'éist sé lena nguí.

Nach ndéanfaidh tusa, ár nDia, breithiúnas orthu, mar nach bhfuil aon neart ionainn in aghaidh an tslua ábhalmhóir seo atá ag teacht inár gcoinne. Ní eol dúinn cad tá le déanamh againn, ach tá ár n‑aird go léir ortsa!”

D'éirigh siad go moch ar maidin agus d'imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”

Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agam Ach mo bhealaí a chosaint ina láthair.

Nuair a bhí a lampa ag taitneamh os mo chionn, Agus a sholas mar threoir agam sa dorchadas,

Is é tús na heagna eagla Dé - is ciallmhar iad lucht a adhartha; mairfidh a mholadh go brách.

Amhrán Oilithreach. 1 Is aoibhinn do chách lenarb eagal an Tiarna, agus a shiúlann ina shlite.

Go gcana mo bhéal moladh an Tiarna agus go mbeannaí gach aon neach a ainm naofa; go brách agus go síoraí suthain.

Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t‑olc agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom.

Cé hé an fear lenarb eagal an Tiarna? Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dó.

Tá gean an Tiarna ar lucht a eaglaithe agus is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh.

Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath: tá dóchas mo chroí ann. Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroí agus canaim amhrán dó.

Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam tarcaisníonn mo naimhde mé, á rá liom gan stad in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”

Is i nDia atá mo shlánú is mo ghlóir; is carraig chumhachtach agus díon dom é.

Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.

Sa lá sin, fuílleach Iosrael agus ar tháinig slán de theaghlach Iacóib, ní bheidh siad ag brath níos mó ar an té a bhuaileann iad, ach beidh siad ag brath go fírinneach ar an Tiarna, Neach Naofa Iosrael.

An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó, óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol; is é mo shlánú é.”

Bíonn m'anam ag dréim leat san oíche, agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh; nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh, foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.

Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.

Thug an Tiarna Dia dom teanga an aos léinn. Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta spreagann sé briathar ionam. Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm chun go n‑éiste mé ar nós an aos léinn.

“Tar éis saothar a anama, feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air. Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite, á luchtú féin le hualach a gcionta.

Dá thairbhe sin is fada an ceart uainn agus ní thagann an fhíréantacht suas linn. Bímid ag dréim leis an solas, agus seo dorchadas, le gealán gréine, agus tá muid ag siúl faoi ghruaim.

Tá mé ag fanacht leis an Tiarna, atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib, is ann atá mo dhóchas.

Chuir tú go mór lena n‑áthas, mheadaigh tú ar a lúcháir; tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair, mar a dhéanann in aimsir an fhómhair, amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.

Ní sa solas ach sa dorchadas a thiomáin agus a sheol sé mé.

Is maith é an Tiarna; dún daingean is ea é lá na buartha.

Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean in ainm an Tiarna.

Ansin d'éist Zarubáibil, mac Sheailtíéil, agus an t‑ardsagart Iósua, mac Iózádác, agus fuílleach uile an phobail le hachainí an Tiarna, a nDia, agus le briathra an fháidh Hagaí de bhrí gur chuir an Tiarna chucu é agus go raibh eagla ar an bpobal roimh an Tiarna.

Labhraíodh lucht adhartha an Tiarna le chéile ar an gcuma sin agus d'éist an Tiarna leo go hairdeallach. Ansin scríobhadh leabhar meabhráin os a chomhair ar son na ndaoine a thugann ómós dó agus a bhfuil ardmheas acu ar a ainm.

Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saol i dtreo, gach duine a chreideann ionamsa, nach bhfanfadh sé sa dorchacht.

Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”

mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais -

Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó

Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh.

Bhí Dáiví an-bhuartha mar go raibh an pobal ag caint ar ghabháil de chlocha ann; bhí an pobal go léir gruama ina gcroí, gach duine ar son a mhac agus a iníonacha féin. Ach fuair Dáiví misneach ón Tiarna a Dhia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí