Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 5:8

An Bíobla Naofa 1981

Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach, agus a chuireann páirc i gcionn páirce, go dtí go dtógann suas an láthair ar fad agus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Chuir sé faoi i gcathracha scriosta Agus lonnaigh i dtithe tréigthe, A bhfuil i ndán dóibh bheith ina bhfothracha.

Ní dheachaigh aon ní slán óna ampla, Agus anois ní bheidh a chonách buan.

An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach; ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.

“A mhic an duine, do bhráithre - is é sin do dheartháireacha, fir do chine, muintir iomlán Iosrael - dúirt muintir Iarúsailéim leo: ‘D'imigh sibhse i bhfad ón Tiarna; is dúinne a tugadh an tír seo mar oidhreacht.’

“A mhic an duine, deir áitritheoirí an fhásaigh i dtír Iosrael: ‘Bhí Abrahám ina aonar nuair a ghabh sé oidhreacht na dúiche seo. Ach tá a lán againne ann anois agus is linne, ar ndóigh, an tír mar oidhreacht.’

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca chlann Amón, in éiric a gceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur scoilt siad mná Ghileád a bhí ag iompar clainne ionas go leathnóidís a gcríocha féin,

Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.

Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad; cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu; déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach; creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.

Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir aoir mar gheall air? Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach: Is é a déarfaidh siad: “Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad - cá fhad eile? - agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”

“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí