Seo mar a deir an Tiarna: “Cén t‑easnamh a bhraith bhur n‑aithreacha ormsa a thug orthu mise a thréigean? Shiúladar ar lorg díomhaointis, agus rinneadh díomhaoin iad.
Ón lá a tháinig bhur n‑aithreacha amach as críoch na hÉigipte go dtí inniu chuir mé chugaibh gan scor, lá i ndiaidh lae, mo sheirbhísigh uile, na fáithe.
Is í do ghraostacht ghránna an mheirg úd. De bhrí gur mhian liomsa tú a ghlanadh agus nár mhian leat féin é, ní ghlanfar arís thú go n‑ídeoidh mise mo chuthach ort.
Fíniúin bhláfar a thugadh flúirse torthaí uaidh, ba ea Iosrael; Ach dá líonmhaire a thorthaí, b'amhlaidh ba líonmhaire a altóirí; agus dá shaibhre a chuid talún, b'amhlaidh ba mhaisiúla na liagáin a thóg sé.
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!