Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 5:29

An Bíobla Naofa 1981

Búirthíl leoin bhaininn atá aige, agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann; ligeann sé glam agus beireann ar a chreach, ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Coileán leoin é Iúdá! Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach; agus cromann sé agus luíonn mar leon nó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt?

Aire daoibh, a lucht dearmadta Dé; sula mbéarfainn oraibh is gan fear bhur dtarrthála ann;

In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.

Sea, is mar seo a dúirt an Tiarna liom: Mar a bheadh leon nó coileán leoin ag gnúsacht os cionn a chreiche, agus na haoirí á ngairm amach líon a slua ina choinne, gan scáth a theacht air lena scairteach, ná scaoll lena gcallán, is amhlaidh a thiocfaidh Tiarna na Slua anuas chun catha ar shliabh Shíón agus ar a chnocán ard.

Ní bheidh leon ar bith ansin feasta ná aon chreachadóir d'ainmhí allta; ach an dream atá i ndiaidh a bhfuascailte, is iad a shiúlfaidh é,

Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh, tá siad go léir sáinnithe i bprochóga agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin. Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh, á slad agus gan duine lena rá: “Tabhair ar ais é.”

Sin agat anois do lucht draíochta, lenar chaith tú do dhua ó d'óige i leith! Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe, gan de chumas iontu tú a shábháil.

Bhúir na leoin air, thógadar a nguth in ard a gcinn. Rinneadar fásach dá dhúiche; tá a bhailte dóite, gan áitritheoirí.

Tá an leon aníos óna dhoire, tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí, tá sé tagtha óna bhaile chun do fhearann a bhánú. Déanfar conamar de do bhailte gan duine ná deoraí iontu.

“Féach, cé mar a thagann an leon aníos as mothar na Iordáine chuig an féarach marthanach! Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad, agus cuirfidh mé ann mo rogha duine. Óir cé is cosúil liom? Cé a fhéadann mise a chiontú? Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.

Ba chaora seachráin é Iosrael, agus na leoin sa tóir air. “Ar dtús, d'alp rí na Síre é; ansin chreim Nabúcadnazar rí na Bablóine a chnámha.

Búireann siad le chéile ar nós leon, drantaíonn ar nós coileáin leoin.

Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna. Búirfidh seisean mar leon, agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iarthar agus a gcroí ag preabadh.

Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla? Labhraíonn an Tiarna Dia; cé a d'fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?

Ardóidh tú do lámha ín aghaidh d'eascairde agus díothófar do naimhde go léir.

Slad, creachadh, léirscrios! Croíthe á leá le heagla! Glúine ag bualadh le chéile! Áranna ar aon bharr amháin creatha! Aghaidheanna ar dhath an bháis!

Leoin ag búiríl is ea na huaisle atá istigh inti; mic tíre choineascracha nach raibh dada le creimeadh acu ar maidin, is ea a cuid breithiúna.

Éist le holagón na n‑aoirí; óir, tá a dtalamh méith féaraigh millte. Éist le búiríl na leon óg; óir tá mothair dhlútha na hIordáine scriosta.

Chúb sé chuige, agus luigh, mar leon, mar bhanleon. Cé leomhfadh é chur ina shuí? Gura beannaithe lucht bhur mbeannaithe; gura mallaithe lucht bhur mallaithe.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí