Íseáia 5:2An Bíobla Naofa 1981Rinne sé a romhar agus a ghlanadh ó chlocha, agus chuir sé togha na bhfíniúnacha ann, thóg sé túr faire ina lár, agus thochail cantaoir ann leis. Agus bhí sé ag dréim le caora fíona uaidh, ach thug sé fiachaora dó. Féach an chaibidil |
Sna laethanta úd chonaic mé daoine in Iúdá ag pasáil na gcantaoirí fíona ar an tsabóid agus a thuilleadh ag breith na bpunann arbhair leo agus á gcur ar asail, agus mar an gcéanna le fíon, fíniúnacha, figí agus gach sort ualaigh lena dtabhairt isteach in Iarúsailéim ar an tsabóid. [Thug mé foláireamh dóibh gan an bia] a dhíol.