Íseáia 49:26An Bíobla Naofa 1981Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin, beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann. Agus beidh a fhios ag an uile fheoil gur mise an Tiarna do Shlánaitheoir, agus gurb é d'fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib. Féach an chaibidil |
Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.