Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 49:24

An Bíobla Naofa 1981

An féidir an chreach a bhaint den ghaiscíoch, nó príosúnach an aintiarna a tharrtháil?

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

“Agus anois tar éis ar bhain dúinn de bharr ár ndrochghníomhartha agus ár mórchiontachta - cé go ndearna tusa, a Dhia, ár gcionta a mheas níos éadroime ná mar is cóiriúil iad agus gur fhág tú an fuíoll áir seo anseo againn -

Óir is daoir sinn. Mar sin féin ní dhearna Dia dearmad dínn inár ndaoirse, ach nocht sé a bhuanghrá inár leith i láthair ríthe na Peirse agus fuair sé cead dúinn Teampall ár nDé a atógáil agus caoi a chur ar a fhothracha agus chuir sé foscadh agus dídean ar fáil dúinn in Iúdá agus in Iarúsailéim.

Bhí tú cóir i ngach ní dár tharla dúinn, Óir rinne tusa beart na dílse, Ach sinne beart na coirpeachta.

Na ríthe a cheap tú os ár gcionn de bharr ar bpeacaí, Is ar mhaithe leo a thugann an tír a thorthaí méithe uaidh. Is acusan freisin atá cumas ar ár gcorp agus ar ár n‑eallach. Nach orainn atá an leatrom géar.”

Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh, tá siad go léir sáinnithe i bprochóga agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin. Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh, á slad agus gan duine lena rá: “Tabhair ar ais é.”

Búirthíl leoin bhaininn atá aige, agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann; ligeann sé glam agus beireann ar a chreach, ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de.

Is é sin an fáth a ndáilfidh mé na sluaite air agus roinnfidh sé an chreach leis na tréana, cionnas gur scaoil sé a anam leis an mbás agus gur áiríodh é ar líon na bpeacach, cé go raibh coireanna na sluaite ar iompar aige agus é ag déanamh eadrána ar son na bpeacach.”

Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, is iad na cnámha seo muintir Iosrael uile. Féach, deir siad: ‘Tá ár gcnámha seargtha agus ár ndóchas caillte; tá deireadh linn.’

Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an féidir anam a theacht sna cnámha seo?” “Is agatsa atá a fhios sin, a Thiarna Dia,” arsa mise.

Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna. Líonadh sé a uaimheanna lena chreach, agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.

Nó fós, conas a d'fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a shlad gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús? Ansin creachfaidh sé a theach.

Ach ní fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a chreachadh gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús, agus ansin ní miste dó a theach a chreachadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí