Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 49:22

An Bíobla Naofa 1981

Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna Dia: Seo chuige! Bagraím lámh ar na ciníocha agus cuirim suas mo mheirge le haghaidh na náisiún. Tabharfaidh siad do mhic ar ais chugat ina mbaclainn agus d'iníonacha ar a ngualainn.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

D'fhonn ainm an Tiarna a fhógairt i Síón, agus a mholadh i gceartlár Iarúsailéim,

Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad; molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna. Go maire bhur gcroí go brách!

Go moltar a ainm go brách, fad a bheidh an ghrian ann. Is tríd a bheannófar gach treibh; beidh gach cine á mholadh.

Go raibh a réim ó mhuir go muir; ón Abhainn Mhór go críocha na cruinne.

Na ciníocha go léir a rinne tú, tiocfaidh siad do d'adhradh, a Thiarna; agus déanfaidh siad d'ainm a fhógairt.

Tiocfaidh na ciníocha faoina gcoinne agus déanfaidh siad iad a thionlacan ar ais ionsar a n‑áit dúchais, agus fostóidh teaghlach Iosrael iad mar sclábhaithe agus searbhóntaí dóibh féin ar thalamh an Tiarna. Tógfaidh siad mar bhraighdeanaigh iad siúd ag a raibh siad ina mbraighdeanaigh, agus beidh smacht acu ar lucht a mbrúite.

A mhuintir an domhain uile, a áitreabhacha na talún go léir, breathnaígí, tá an comhartha á chrochadh in airde; éistigí, tá an stoc á shéideadh.

Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: ‘Tabhair ar ais iad!’ agus leis an Deisceart: ‘Ná coinnigh seilbh orthu!’ Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéin agus m'iníonacha ó chríocha na talún,

Tá dream acu ag triall ó chríoch i gcéin, dream aduaidh agus dream aniar, dream eile fós ó Shíním aneas.

Amach libh, amach trí na geataí! Réitigí bealach do mo mhuintir! Tógaigí tóchar, tógaigí suas é; glanaigí na carraigeacha ar shiúl! Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha!

Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.

Agus ar ais as na náisiúin uile, ina dtabhartais don Tiarna, tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir - ar muin capaill, i gcarbaid agus ar eileatroim, ar mhiúileanna agus ar chamaill rásaíochta - go dtí mo shliabh beannaithe in Iarúsailéim, a deir an Tiarna, ar nós mar iompraíonn clann Iosrael an tabhartas i soithí glana go teampall an Tiarna.

Tiocfaidh mórán ciníocha agus náisiún tréan chun Tiarna na Slua a lorg in Iarúsailéim agus chun impí a dhéanamh ar an Tiarna.”

Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.

Agus tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí