Íseáia 49:19An Bíobla Naofa 1981Óir na ceantair bhánaithe chreachta sin agat, agus do dhúiche shladta go léir - róchúng a bheidh tú feasta do do lucht áitrithe, agus beidh an dream a thug aghaidh a gcraois ort i bhfad i gcéin. Féach an chaibidil |
“Cad chuige a bhfuil siad seo ag teacht?” arsa mise. “Tá na hadharca úd tar éis Iúdá a scaipeadh sa chaoi nach bhfuil tógáil a chinn ag duine ar bith,” ar seisean liom, do mo fhreagairt, “ach tá na gaibhne seo tagtha chun scanradh a chur orthu; leagfaidh siad ar lár adharca na náisiún a d'ardaigh a n‑adharca os cionn mhuintir Iúdá chun iad a scaipeadh.”